Cód Iompair eTwinning
A. Croíphrionsabail
Ní mór do gach eTwinner agus a n-imeachtaí, teachtaireachtaí, postálacha, ábhair tionscadal agus gach rud a fhoilsítear sa limistéir eTwinning cloí leis na croíphrionsabail seo a leanas i gcomhréir le Bunluachanna agus prionsabail ghinearálta an Aontais Eorpaigh.
- Bí cuimsitheach Cuirtear fáilte i gcónaí roimh thuairimí gach duine laistigh de na teorainneacha a leagtar amach sa Chód Iompair seo. Moltar do eTwinnerí breathnú thar a bpeirspictíocht féin, tuiscint a bheith acu ar chultúir difriúla agus íogaireacht a léiriú nuair a bhíonn eTwinnerí eile páirteach ina n-imeachtaí, ina dtionscadail, ina ngrúpaí, agus ina ngníomhaíochtaí líonraithe – ar líne agus ar an láthair araon. In eTwinning cothaítear tuiscint, comhbhá agus oscailteacht i leith daoine eile d’fhonn spás sábháilte saor ó chiapadh a dhéanamh den phobal.
- Bí measúil. . Ní mór do bhaill an phobail eTwinning meas a léiriú agus iad ag déileáil lena gcomhghleacaithe agus ag idirghníomhú lena chéile. Nuair a léiríonn tú meas ar dhaoine eile agus ar a ngníomhaíochta ar an ardán seo, agus nuair a ghlacann tú leis go bhfuil siad á ndéanamh le dea-rúin, mothaíonn eTwinnerí compordach, sábháilte, spreagtha, agus éifeachtach. Níl sé de cheart ag eTwinnerí daoine a mhaslú ná a bheag a dhéanamh díobh, ná foréigean a ghríosú in aghaidh daoine bunaithe ar a gcine, eitneacht, bunadh náisiúnta, reiligiún, gnéaschlaonadh, nó inscne, agus/nó mar bhall de thír, de ghrúpa nó de mhionlach.
- Bí tuisceanach. . Ní féidir easaontas a sheachaint i gcónaí. Má bhítear caoinfhulangach ar thuairimí daoine eile, spreagtar an cur chuige pragmatach sa phobal seo. Is é an rud is tábhachtaí ná teacht ar réitigh dhearfacha ar easaontuithe agus ar thuairimí éagsúla, laistigh de na teorainneacha a leagtar síos agus a shainmhínítear sa Chód Iompair seo i gcónaí, agus glactar leis go bhféadfadh sé go mbeidh ar dhaoine easaontú lena chéile mar thoradh i roinnt cásanna.
- Bí dea-mhúinte agus cairdiúil i ngach cineál cumarsáide – go háirithe cianchumarsáid, áit ar mó seans go mbeidh míthuiscint ann. Is éard atá i gceist le dea-mhúinte ná a bheith eolach agus meas a bheith agat ar mhothúcháin daoine eile agus é sin a léiriú. Ó tharla gurb é eTwinning baile lucht na eTwinnerí, is é limistéir an European School Education Platform an spás ar líne inar féidir leo a smaointe agus a dtuairimí e a chur in iúl gan bhac, a mhalartú go héasca agus a fhorbairt go machnamhach agus caitheamh go cothrom le smaointe agus tuairimí eTwinnerí eile. Ciallaíonn sé sin go ndéanfaimid ár ndícheall focail agus ábhar a roghnú go cúramach in imeachtaí, in ábhair tionscadail, i dtuairiscí ar chruinnithe ar líne agus ar an láthair, i bpostálacha agus i dteachtaireachtaí.
B. Roinnt rialacha a gcaithfidh gach eTwinner cloí leo
Chun tuiscint ar a bhfuil ceadaithe agus nach bhfuil ceadaithe ar limistéir eTwinning an ardáin a éascú, tá roinnt rialacha curtha le chéile ag eTwinning agus ní mór do gach eTwinner cloí leo.
1. Ná húsáidtear eTwinning chun críocha tráchtála Tá dianchosc ar ardán eTwinning a úsáid chun críocha tráchtála. Bainfear aon chuideachta, tionscnamh, imeacht nó bogearraí le rún tráchtála, chomh maith lena rochtain ar an ardán féin.
2. Ná déantar bagairtí, bulaíocht ná ciapadh Ní ghlacann eTwinning le bulaíocht ná ciapadh. Má tá tú thíos leis an gcibearbhulaíocht nó má tá duine ag bagairt ort agus tú ag úsáid aon cheann de na spásanna eTwinning (poiblí agus príobháideacha), déan an teachtaireacht a thuairisciú nó déan teagmháil le do Sheirbhís Tacaíochta. Bíodh a fhios agat go bhféadfaí cosc buan ar eTwinning a chur ar aon duine a bhíonn i mbun bulaíochta nó ciaptha ar bhaill eile den ardán.
3. Maoin intleachtúil Déan cinnte de nach sáraíonn an t-ábhar a uaslódálfaidh tú ar an ardán aon chóipcheart. Sula roinnfidh tú pictiúir, físeáin, doiciméid nó aon acmhainní eile, déan deimhin de go bhfuil sé de cheart agat é sin a dhéanamh.
4. Pearsanú Níl sé de cheart ag eTwinnerí pearsanú a dhéanamh ar dhaoine aonair ná ar ghrúpaí/eagraíochtaí nach mbaineann siad leo d’fhonn daoine eile a chur ar míthreoir, nó mearbhall nó dallamullóg a chur orthu.
5. Daltaí (faoi aois) eTugann eTwinning an-aird ar phríobháideachas agus sábháilteacht na ndaltaí . Ná déan pictiúir de dhaltaí a phostáil ar do phróifíl eTwinning, TwinSpace, Grúpaí, srl. Sa chás go ndéanann tú amhlaidh, déan cinnte go bhfuil toil agat ón bpáiste atá i dteideal toil a thabhairt nó ón duine atá in áit freagrachta ar an bpáiste de réir an 2018/1725 , agus gur sholáthar tú cóip den raiteas príobháideachais, nó déan cinnte nach féidir daltaí a aithint.
6. Faisnéis Phríobháideach agus Sonraí Íogair Déan machnamh sula ndéanann tú ábhar a bhaineann le daoine eile a phostáil. Níor cheart duit do chuid faisnéise príobháidí nó faisnéis phríobháideach eTwinnerí eile a roinnt – amhail uimhreacha agus seoltaí pearsanta, sonraí cárta creidmheasa nó faisnéis phríobháideach eile – ná pictiúir agus físeáin phearsanta. Ná postáil gan smaoineamh!
C. “Netiquette” (Béasaíocht Idirlín)
Ba cheart do eTwinners a idirghníomhú ar líne ar bhealach gairmiúil, múinte agus measúil mar a dhéanfaidís san fhíorshaol. Seo thíos roinnt samplaí de rudaí ba chóir d’úsáideoirí a dhéanamh agus a sheachaint.
1. Bí cúramach agus siosmaideach agus tú ag úsáid an chórais teachtaireachta inmheánaigh Ná seol an iomarca teachtaireachtaí chuig múinteoirí nach bhfuil tú ag obair leo. Sula dtéann tú i dteagmháil le húsáideoir: déan a phróifíl/a próifíl a sheiceáil; seiceáil an bhfuil sé/sí ar fáil le haghaidh tionscadal; déan cinnte go bhfuil do chuid teachtaireachtaí ábhartha. Ná seol an teachtaireacht cheannann chéanna chuig níos mó eTwinnerí.
2. Seachain turscar sna fóraim Cuirtear na mílte teachtaireacht in airde ar fhóraimsa limistéir Líonraithe den European School Education Platform . Déan cinnte go mbaineann do theachtaireacht le hábhar an tsnáithe. Sula bhfoilsíonn tú post nua, seiceáil an bhfuil teachtaireachtaí ábhartha eile ann ar an ábhar agus freagair iad. Cabhraigh linn na fóraim a choinneáil ábhartha le comhoibriú a fheabhsú!
3. Ná postáil ach tráchtanna ábhartha agus cuí faoi phostálacha daoine eile Agus tú ag fágáil tráchta faoi phróifíl duine eile, déan cinnte go bhfuil sé ábhartha don úsáideoir. Caithfidh tráchtanna a bheith bainteach le postáil an duine sin agus don duine sin amháin. Ná scríobh an trácht céanna do níos mó ná úsáideoir amháin.
4. Seachain iarratais randamacha teagmhála agus cuirí chun tionscadail Ná hiarr ar eTwinnerí a bheith mar theagmhálaí agat nó páirt a ghlacadh i do thionscadal mura raibh aon teagmháil agat leo roimh ré. Déan cinnte de go bhfuil líon réasúnta agus inláimhsithe teagmhála agat i do liosta. An bhfuil fonn ort súil a choinneáil ar nuashonruithe duine? Lean é/í in áit teagmháil a dhéanamh de/di.
5. Cuireadh dírithe chuig SeomraíNá tabhair cuireadh do do theagmhálaithe chuig Seomraí atá á mbainistiú agat, ach amháin má tá tú cinnte go mbeidh siad in ann freastal orthu. D’fhéadfadh turscar a thabhairt ar cuirí randamacha chuig Seomraí.
D. Sárú ar an Chód Iompair
Cad is féidir leat a dhéanamh má mheasann tú nach bhfuil meas ag eTwinner ar an gCód Iompair? Sa Phobal Tacaíochta, déanaimid ár ndícheall daoine a chosaint ar mhí-úsáid in eTwinning, ach mar phobal gníomhach iolraíoch, táimid ag brath ar gach uile eTwinner chun cabhrú linn an dearcadh dearfach a chaomhnú agus drocheachtraí a laghdú. Dá bhrí sin, molaimid do eTwinnerí tuairisciú a dhéanamh nuair is gá.
Má thagann tú ar phostálacha, imeachtaí nó tráchtanna in Irisí agus Fóraim, má fhaigheann tú teachtaireacht phríobháideach, nó má thagann tú ar ábhar a cheapann tú a bheith gáirsiúil, a sháraíonn cóipcheart, nó atá go díreach míchuí dar leat, is féidir leat úsáid a bhaint as an gcnaipe tuairiscithe – mura bhfuil sé ann, déan teagmháil le do Sheirbhís Tacaíochta – agus na cúiseanna le do thuairisciú a lua. Déileálfaidh na Seirbhísí Tacaíochta le do theachtaireacht.
Cad a tharlaíonn sa chás bhfuil meas ag duine éigin ar an gCód Iompair?Sa chás nach gcloítear leis na rialacha atá sa Chód Iompair seo, sin sárú ar a théarmaí agus d’fhéadfaí aon phostáil nó ábhar a chuireann eTwinnerí ar an ardán a bhaint go sealadach nó go buan, ag am ar bith, gan fógra. I gcásanna den sórt sin, cuirfear údair na n-ábhar agus a Seirbhís Tacaíochta ar an eolas agus cuirfear na cúiseanna a bhaineann leis an mbaint sin ar fáil. D’fhéadfaí cosc sealadach nó buan a chur úsáideoirí nach gcloíonn leis na gCód Iompair freisin.
I gcás conspóidí, déanfaidh an Coimisiún Eorpach an cinneadh deiridh, ar thar a cheann a fheidhmítear eTwinning.