European School Education Platform agus a chuid seibhísí
Tá an t-ardán ilteangach ar líne seo saor in aisce do gach úsaideoir. Anseo is féidir leat:
- Fanacht ar an eolas le hábhair nua foilsithe gach seachtain, lena n-áirítear píosaí tuairime le saineolaithe, ailt nuachta, cúrsaí reatha, agus samplaí de chleachtas.
- Theacht ar acmhainní mar shampla tuarascálacha ó thaighde le déanaí, ábhar teagaisc a cruthaíodh i dtionscadail Eorpacha agus cúrsaí oiliúna, agus an Sraith straitéisí do Scoileanna le hábhar cosc a chur ar luathfhágáil scoile agus féin-mheasúnú uirlis chun cabhrú leat a fhorbairt do scoil féin ar ghníomhaíochtaí.
- Eolas maidir le maoiniú a fháil trí deiseanna Erasmus+, is iad siúd trí uirlis phraiticiúil (catalóg cúrsa, eolaire dheiseanna soghluaiseachta, agus cuardach comhpháirtíochta straitéisí) chun cuidiú le scoileanna a gcuid iarratas Erasmus+ a ullmhú.
- Tú féin a fhorbairt leis na deiseanna forbartha gairmiúla ar nós cúrsaí ar líne saor in aisce, seimeanáir ghréasáin, agus ábhar teagaisc, i gcomhar le Acadamh AE.
- Idirghníomhú, comhoibriú, agus tionscadail a fhorbairt le foirní scoile eile san Eoraip sa phobal eTwinning.
Tá an European School Education Platform agus an t-ardán eTwinning ann a bhuíochas le maoiniú ó Erasmus+, an clár Eorpach um oideachas, oiliúint, óige agus spórt. Is tionscnaimh iad siúd de chuid Ard-stiúrthóireacht an Oideachais, Óige, Spórt, agus Cultúr. Cuireann Scoilnet na hEorpa (comhordú, ábhar, agus seirbhísí), agus Tremend Software Consulting SRL (bonneagar teicniúil) faoi conarthaí seirbhíse leis an nGníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Oideachas agus Cultúr.
Tá an pobal eTwinning ann a bhuíochas le tacaíocht ó na grúpaí tacaíochta náisiúnta a mhaoiníonn Erasmus+ faoi chomhaontuithe deontais leis an nGníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Oideachas agus Cultúr (EACEA). Mar an gcéanna, tá cuid mhaith de rath an ardáin a bhuíochas le na comhpháirtithe tacaíochta.
eTwinning
Seolta i 2005, is pobal é eTwinning atá oscailte d'oideoirí agus d'fhoirní scoile eile idir oideachas agus cúram na luath-bhlianta agus bhun- agus mhéanscolaíocht, túsoideachas agus túsoiliúint gairmiúil san áireamh ó thíortha atá mar chuid de eTwinning. Leiríonn eTwinning modheolaíocht, cur chuige oideolaíochta, pobal cleachtais, agus ardán a éascaíonn nuálaíocht, cumarsáid, agus comhoibriú.
Is iad na príomh-pháirtithe leasmhara de chuid eTwinning ná a gcuid úsáideoirí cláraithe (eTwinners), eagraíochtaí tacaíochta náisiúnta (NSO), an tSeirbhís Tacaíochta Lárnach (CSS), an Coimisiún Eorpach (an Ardstiúrthóireacht um Oideachas, Óige, Spórt, Chultúr), agus an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Oideachas agus Cultúr.
Trí chlárú le eTwinning, is féidir le foirní scoile taithí a fháil ar na buntáistí a bhaineann le bheith páirteach sa 'Phobal do scoileanna san Eoraip'. Tá rochtain ag úsáideoirí cláraithe agus deimhnithe ar an limistéir eTwinning teoranta agus ar ghnéithe speisialaithe eile ar an uropean School Education Platform.
Ag an leibhéal Eorpach, comhordaíonn an tSeirbhís Tacaíochta Lárnach reatha líonra d'eagraíochtaí tacaíochta náisiúnta leis an gCoimisiún Eorpach agus leis an nGníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Oideachas agus Cultúr (EACEA). Tá sí freagrach as an limistéir eTwinning, suíomh gréasáin ilteangach a chuireann uirlisí agus seirbhísí ar fáil lena bhfuil baill na bhfoirní scoile in ann clárú, comhpháirtithe a aimsiú, agus bheith ag obair le chéile. Soláthraíonn an CSS deasc chabhrach oideolaíochta agus teicniúil ar fáil freisin agus eagraíonn sí seisiúin oiliúina ar leith do mhúinteoirí ar eTwinning.
Léigh níos mó faoi eTwinning anseo.

Find out more about European School Education Platform
eagraíochtaí tacaíochta náisiúnta eTwinning
Tá na heagraíochtaí tacaíochta náisiúnta freagrach as grinnfhiosrúchán a dhéanamh ar chlárúcháin úsáideora, as eTwinning a chur chun tosaigh ina dtíortha féin, as cuidiú le múinteoirí chun a gcuid tionscadal a chur ar siúl agus a chur ar bun, as scoileanna a bhronnadh de réir a chuid rannpháirtíochta i dtioncadail eTwinning, as seisiúin oiliúna a eagrú do mhúinteoirí, agus cinnte a dhéanamh go ndéananna eTwinning éabhlóid ar bhealach atá oiriúach do riachtanais na scoileanna áitiúla.
Erasmus+ Na Gníomhaireachtaí Náisiúnta
Le go mbeidh cabhair agus tacaíocht i ngar do rannpháirtithe Erasmus+ agus le deimhin a dhéanamh de go n-oibríonn an clár go maith i ngach tír, oibríonn an tAontas Eorpach le Gníomhaireachtaí Náisiúnta chun an clár a bhainistiú.
Comhpháirtithe tacúla
Is tionscnaimh, comhleachtaí, agus institiúidí neamhrialtasacha atá ar aon intinn leis an ardán maidir le prionsabail, luachanna, agus cuspóirí na comhpháirtithe tacúla de chuid European School Education Platform.
eTwinning do Mhúinteoirí an Todhchaí
Baineann eTwinning le hoideachas tosaigh na múinteoirí (ITE) mar straitéis le síneadh agus le dul i ngleic le múinteoirí an todhchaí. Léiríonn líon de shamplaí atá ag fás go bhfuil sé an-luachmhar dóibh, eTwinning a thabhairt isteach in oideachas na múinteoirí faoi oiliúint agus dá n-institiúidí chomh maith.