Skip to main content
European School Education Platform
Expert article

Oideachas ionchuimsitheach nó riachtanais speisialta? Treochtaí agus ceisteanna reatha san Eoraip

Deirtear níos minice agus níos minice go bhfuil sé riachtanach córais oideachais níos ionchuimsithí a bhunú agus gur dúshlán é ar fud na hEorpa. De réir dearcthaí comhaimseartha ar an oideachas ionchuimsitheach, is ‘prionsabal eagrúcháin’ atá mar bhonn le struchtúir agus próisis scoile. Tugann oideachas ionchuimsitheach comhdheiseanna foghlama do gach foghlaimeoir de réir cur chuige ceartabhunaithe i leith an oideachais (European Agency, 2018a).
A teacher and a special needs pupil with a magnifying glass
Image: Adobe Stock / Tatiana Ziskova

Sa tuiscint reatha seo ar an ionchuimsiú, is é aidhm córais tacaíochta ná cumas scoileanna freastal ar riachtanais éagsúla na bhfoghlaimeoirí ar fad agus ní spriocghrúpaí faoi leith amháin a ardú.

 

In ainneoin fhás an aitheantais don dearcadh níos leithne seo maidir leis an oideachas ionchuimsitheach, díríonn go leor balltíortha na Gníomhaireachta Eorpaí um riachtanais speisialta oideachais agus um oideachas ionchuimsitheach (EASNIE) go fóill go príomha ar rochtain agus socrúcháin foghlaimeoirí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais (SEN) acu agus/nó atá faoi mhíchumas ar ghnáthsheomra ranga (European Agency, 2018a). Téann an t-oideachas ionchuimsitheach níos faide ná socrú fisiciúil foghlaimeoirí SEN i ngnáthsheomraí ranga agus scoileanna (a dtugtar ‘príomhshruthú’ air de ghnáth), agus tá sé mar aidhm aige timpeallacht foghlama gan aon bhac a sholáthar do gach foghlaimeoir, beag beann ar a gcuid difríochtaí.

 

Sa bhliain acadúil 2018/19, léirigh sonraí EASNIE difríochtaí suntasacha i rátaí aitheanta SEN [1] thar 19 ballstát, ó 3.3% go 14.2% ag leibhéal na bunscoile agus an iar-bhunoideachais (ISCED 1+2).  Léiríonn sonraí ó 25 tír ag na leibhéil chéanna agus don bhliain acadúil chéanna rátaí ó 0.1% go dtí níos mó ná 7% i measc na bpáistí/foghlaimeoirí a bhí in oideachas taobh amuigh den oideachas príomhshrutha. Is féidir na difríochtaí seo a mhíniú i gcomhthéacs na ndifríochtaí atá ann ó thaobh sainmhíniú ar SEN, próisis mheasúnaithe, agus córais airgeadais sna tíortha éagsúla, seachas minicíocht foirmeacha éagsúla riachtanais speisialta agus/nó míchumas (European Agency, 2022a).

 

Is cosúil go bhfuil réimse beartas ag tíortha atá, d’fhéadfá a rá, ionchuimsitheach nó eisiatach, cuid acu níos ionchuimsithí nó níos eisiataí ná a chéile, seachas córas atá go hiomlán ionchuimsitheach (European Agency, 2022; UNESCO 2020a). Díríonn roinnt tíortha ar shainsholáthar, a thagann ón bhfaitíos nach mbíonn an saineolas ná an cumas i dtimpeallachtaí príomhshrutha chun tacú le foghlaimeoirí a bhfuil riachtanais níos casta acu. É sin ráite, nuair a dhírítear ar ranganna speisialta nó scartha, is féidir leis sin srian a chur leis an méid a mbítear ag súil leis agus leis na deiseanna, le saineolas na foirne agus le hacmhainní, agus le hidirghníomhú sóisialta le piaraí a laghdú (European Agency, 2018b).

 

Léiríonn cleachtadh mapála in 26 balltír EASNIE príomhthreochtaí beartas i leith athmhachnamh a dhéanamh ar ról an shainsholáthair. Díríonn na treochtaí beartas seo ar chur chuige ceartabhunaithe a chur chun cinn, ar atheagar a chur ar an ngaol idir soláthar príomhshrutha agus speisialta, agus córais nua tacaíochta a fhorbairt (European Agency, 2019). Mar thoradh ar na leasuithe seo, tá naisc níos giorra á bhforbairt idir scoileanna príomhshrutha agus scoileanna speisialta. Tá roinnt scoileanna speisialta á bhforbairt ina n-ionad acmhainní, áit a n-oibríonn sainghairmithe (i.e. oideoirí speisialta, síceolaithe, teiripeoirí urlabhra etc.) i gcomhpháirt le scoileanna príomhshrutha.

 

Mar thoradh air seo, tá oideachas á chur ar níos mó foghlaimeoirí i dtimpeallachtaí príomhshrutha agus tá athruithe dearfacha tugtha faoi deara i meonta maidir leis an oideachas ionchuimsitheach ag leibhéal na scoile. Chomh maith leis sin, ardaíonn sé feasacht na scoileanna príomhshrutha maidir leis an ngá le timpeallachtaí foghlama ionchuimsitheacha agus solúbtha a fhorbairt (European Agency, 2019).

 

Tá fáthanna soiléire oideachasúil, sóisialta, agus geilleagrach ann don oideachas ionchuimsitheach  (UNESCO, 2020b; Kefallinou et al., 2020). Tá forbairtí dearfacha ar bun agus tá go leor tíortha ag déanamh iarrachtaí gníomhacha a ndearcadh maidir leis an ionchuimsiú a leathnú. Mar thoradh air seo, dírítear ar an iomlán ar ghrúpaí foghlaimeoirí atá leochaileach ó thaobh an eisiamh de, coincheap a thagann níos fearr leis an bhfís níos leithne agus leis an gcur chuige ceartabhunaithe ina ndéantar na foghlaimeoirí ar fad páirteach in oideachas (European Agency, 2022).

 

Caithfidh athrú ó bhonn a bheith i gceist le córais oideachais ionchuimsithigh a chur chun cinn, agus  agus an tuairim nach n-éireoidh go deo le roinnt foghlaimeoirí a cheistiú. Mura n-aithnítear mar sprioc lárnach don bheartas oideachais an t-oideachas ionchuimsitheach, fanfaidh sé ag leibhéal an chleachtais áitiúla agus na tástála. Tá ríthábhacht ag baint le maoiniú éifeachtach agus córais maidir le hacmhainní a chur ar fáil do chur i bhfeidhm rathúil bheartas ginearálta nó sonracha an oideachais ionchuimsithigh (Meijer and Watkins, 2019). Ag an am céanna, tá gá le hathrú meonta agus luachanna i measc na bpáirtithe leasmhara ar fad chun tacú le hathrú ó bhonn scoileanna ionas gur féidir leo freastal ar riachtanais uile foghlaimeoirí, seachas iarracht a dhéanamh iad a ‘chur isteach’ sa soláthar atá ann cheana féin.

 

 

[1] Rátaí aitheanta: céatadán páistí/foghlaimeoirí SEN i gcomparáid le daonra uile na scoile.

 

 

Is Bainisteoir Gníomhachtaí í Anthoula Kefallinou sa Ghníomhaireacht Eorpach um Riachtanais Speisialta agus um Oideachas Cuimsitheach.  

 

 

References

 

European Agency for Special Needs and Inclusive Education, 2018a. Raising the Achievement of All Learners in Inclusive Education: Lessons from European Policy and Practice. (V.J. Donnelly and A. Kefallinou, eds.). Odense, Denmark. Available at:

European Agency for Special Needs and Inclusive Education, 2018b. Evidence of the Link Between Inclusive Education and Social Inclusion: A Review of the Literature. (S. Symeonidou, ed.).

European Agency for Special Needs and Inclusive Education, 2019. Changing Role of Specialist Provision in Supporting Inclusive Education: Mapping Specialist Provision Approaches in European Countries. (S. Ebersold, M. Kyriazopoulou, A. Kefallinou and E. Rebollo Píriz, eds.). Odense, Denmark

European Agency for Special Needs and Inclusive Education, 2022a. European Agency Statistics on Inclusive Education: 2018/2019 School Year Dataset Cross-Country Report. (A. Lenárt, A. Lecheval and A. Watkins, eds.). Odense, Denmark

European Agency for Special Needs and Inclusive Education, 2022. Legislative Definitions around Learners’ Needs: A snapshot of European country approaches. (M. Turner-Cmuchal, ed. and A. Lecheval). Odense, Denmark

Kefallinou, A., Symeonidou, S. and Meijer, C.J.W, 2020. ‘Understanding the value of inclusive education and its implementation: A review of the literature’. Prospects 49, 135–152 (2020).

Meijer C.J.W. & Watkins A., 2019. Financing special needs and inclusive education – from Salamanca to the present, International Journal of Inclusive Education,

UNESCO, 2020a. Global Education Monitoring Report 2020: Inclusion and education: All means all. Paris, UNESCO

UNESCO, 2020b. Towards inclusion in education: Status, trends and challenges. The UNESCO Salamanca Statement 25 years on. Paris: UNESCO.

Additional information

  • Education type:
    School Education
  • Target audience:
    Government / policy maker
    Head Teacher / Principal
    Parent / Guardian
    School Psychologist
    Student Teacher
    Teacher
    Teacher Educator
  • Target audience ISCED:
    Primary education (ISCED 1)
    Lower secondary education (ISCED 2)
    Upper secondary education (ISCED 3)

Tags

Inclusion
Special needs education

School subjects