Skip to main content
European School Education Platform

eTwinning do Mhúinteoirí an Todhchaí

Baineann eTwinning le hoideachas tosaigh na múinteoirí (ITE) mar straitéis le síneadh agus le dul i ngleic le múinteoirí an todhchaí. Léiríonn líon de shamplaí atá ag fás go bhfuil sé an-luachmhar dóibh, eTwinning a thabhairt isteach in oideachas na múinteoirí faoi oiliúint agus dá n-institiúidí chomh maith.
Smiling people in a group

Trí scileanna an 21ú haois a chur i bhfeidhm nó trí dhul i ngleic le tionscadail idirnáisiúnta, chomhoibrithe, is sampla foirfe iad na gníomhaíochtaí 'eTwinning do Mhúinteoirí an Todhchaí' de conas is féidir le eTwinning cuidiú le glúin nua de mhúinteoirí a fhobairt.


Tá na buntáistí seo a leanas bainteach leis an ranníocaíocht ó eTwinning in oideachas tosaigh na múinteoirí:

 

  • teagasc tionscadal a fhiosrú agus a chur i bhfeidhm agus obair ildhisciplíneach,
  • scileanna TFC agus teanga a fhorbairt,
  • Eispéiris Eorpacha, idirnáisiúnta, agus idirchultúrtha,
  • scileanna gairmiúla a fhorbair (bainistíocht tionscadal, cuspóirí a leagan síos, pleanáil, obair foirne),
  • machnamh a dhéanamh ar chleachtais ghairmiúla; plé le múinteoirí ó chórais oideachais eile.

 

Conas páirt a ghlacadh


Athraíonn samhlacha le eTwinning a thabhairt isteach de réir tíre agus institiúide ach bíonn dhá phríomh-ghníomhaíochtaí i gceist:

 

  1. modúl 'Fáilte go dtí eTwinning' a thabhairt isteach sa churaclam oideachas tosaigh na múinteoirí,
  2. tionscadail bheaga chomhoibrithe a chruthú d'oideoirí múinteora agus/ní múinteoirí faoi oiliúint (ag an leibhéal áitiúil, náisiúnta, agus idirnáisiúnta), no tionscadail bheaga eTwinning le daltaí nuair atá múinteoirí faoi oiliúint ar sheal oibre ar scoil.

 

Soláthraíonn na heagraíochtaí tacaíochta náisiúnta (NSOanna) in institiúidí oideachas tosaigh múinteoirí le hoiliúint, tacaíocht theicniúil, agus cuidiú i dtaca le teagascóirí a nascadh le mic léinn eile i dtíortha eile.


Chun eolas a bhailiú ar bhealaí chun páirt a ghlacadh, tá grúpaí ag institiúidí oideachas tosaigh múinteoirí (oideoirí agus múinteoirí faoi oiliúint araon), chomh maith le samhlacha éagsúla, samplaí de ghníomhaíochtaí ITE, taispeántas de chuir i láthair, agus fóram chun comhpháirtí a aimsiú.


Conas a bheith páirteach


Tá an limistéir seo d'eTwinning teoranta le líon teoranta d'institiúidí, a gcaithfidh aontú foirmeálta a bheith acu leis an NSO ina dtír féin. Más múinteoir faoi oiliúint nó oideoir na múinteoirí thú atá ag iarraidh tuilleadh a fháil amach, gabh i dteagmháil le do NSO.