Skip to main content
European School Education Platform

Téarmaí agus coinníollacha

Téarmaí agus coinníollacha

Ar mhaithe leis an eispéireas is fearr a chinntiú do gach úsáideoir cláraithe agus do gach cuairteoir araon, tá buntreoirlínte bunaithe againn maidir le rannpháirtíocht agus ábhar a chur in airde. Gheobhaidh tú anseo téarmaí agus coinníollacha don European School Education Platform (má ngairtear ‘an tArdán’ anseo feasta) agus an cód iompair do eTwinning. Toileoidh tú na rialacha agus treoirlínte seo a leanúint i ndiaidh duit clárú.

Téarmaí agus coinníollacha maidir le postálacha ar an Ardán 

 

Is féidir le húsáideoirí cláraithe postálacha a chruthú agus a phostáil i rannáin faoi leith ar an Ardán. Tugann an fhaisnéis anseo achoimre ar a bhfuiltear ag súil leis ó na postálacha seo agus ó aon ábhar eile ó úsáideoirí (ar nós tráchtanna maidir le hailt). Tagraíonn ‘postálacha’ d’fhógraí ar an láthair maidir le cúrsaí a fhoilsítear i rannán na Forbartha Gairmiúla agus aon phostálacha a fhoilsítear i rannán an Líonraithe.

 

Is i dteannta Séanadh ginearálta an Ardáin atá na téarmaí agus coinníollacha seo.

 

Séanadh: faisnéis do na húsáideoirí uile

 

Mar úsáideoir an Ardáin, léigh go cúramach an fhaisnéis seo:

  • Déanann eagraíochtaí neamhspleácha postálacha. Ní ghlacann an Coimisiún Eorpach le haon fhreagracht ná dliteanas maidir lena n-ábhar, soláthair, agus bainistiú.
  • Ní réamhfhaomhann an Coimisiún Eorpach, na hEagraíochtaí Náisiúnta Tacaíochta (NSOanna), na Gníomhaireachtaí Náisiúnta Erasmus+ (NAanna), ná riarthóirí an Ardáin aon liostú.
  • Ní dearbhú é liostú (m.sh. cúrsa ar an láthair) a roghnú ón mbunachar sonraí go mbronnfar deontas Erasmus+ ar an scoil/eagraíocht.
  • Ní gá go mbeadh liostú ar an Ardán le go gcuirfí san áireamh é ar iarratas Erasmus+.

 

Cuirtear gach ábhar a ghineann úsáideoirí, lena n-áirítear ábhar eTwinning, ar fáil ar an European School Education Platform mar atá sé. Ní thacaíonn an Coimisiún Eorpach le haon dearcthaí, tuairimí, ná comhairle a thugann cuairteoirí ar an suíomh gréasáin seo. Cé gur gá do gach úsáideoir cloí leis na Téarmaí Úsáide seo, d’fhéadfadh sé tarlú go gcuirfí isteach agus go léireofaí roinnt ábhar míchuí a ghineann úsáideoirí. Coimeádann muid de cheart againn féin aon ábhar a sháraíonn na Téarmaí Úsáide nó Treoirlínte an Phobail a leasú, a bhogadh, nó a scriosadh, gan aon rabhadh a thabhairt.

 

Téarmaí agus coinníollacha bunúsacha

 

  • Féadann daoine a chuireann postálacha in airde agus daoine aonair a bhfuil postálacha a thagann lena gcritéir á lorg acu an tArdán a úsáid saor in aisce.
  • Is féidir le haon duine liostú a chruthú agus a fhoilsiú. Is é an t-aon riachtanas teicniúil atá ann maidir le liostú a chruthú ná gur gá clárú ar mhaithe le cuntas aonair a bheadh bainteach le heagraíocht a chruthú.
  • Ní ghlacann an tArdán aon fhreagracht as aon rátáil nó tráchtanna a dhéantar maidir leis an ábhar.
  • Forchoimeádann an Coimisiún Eorpach an cead an tArdán, agus dá bhrí sin catalóg na gcúrsaí agus rannán an Líonraithe, a mhionathrú, agus na Téarmaí seo a mhionathrú ag am ar bith agus gan réamhfhógra.

 

Téarmaí agus coinníollacha faoi leith

 

Catalóg na gcúrsaí

Is chun cúrsaí ar an láthair atá incháilithe mar ghníomhaíocht shoghluaisteacht foirne arna tacú ag maoiniú Erasmus+ a fhoilsiú catalóg na gcúrsaí i rannán na Forbartha Gairmiúla ar an Ardán (Eochairghníomh 1: Soghluaisteacht Foghlama Daoine Aonair). Más soláthraí cúrsa thú, léigh na Caighdeáin cháilíochta do chúrsa faoi Eochairghníomh 1.

 

Tabhair faoi deara le do thoil nach bhféadann ach riarthóirí an Ardáin, na Páirtithe Tacúla, agus na NSOanna cúrsaí ar líne a fhoilsiú i gcatalóg na gcúrsaí.

 

Páirtí a aimsiú (postálacha Erasmus+) 

Is do phostálacha maidir le gníomhaíochtaí atá incháilithe do mhaoiniú Erasmus+ laistigh d’oideachas scoile agus gairmoideachas an rannán maidir le páirtí a aimsiú i rannán an Líonraithe. Féadann na nithe seo a leanas a bheith san áireamh:  

 

  • Eochairghníomh 1 – Soghluaisteacht Foghlama Daoine Aonair:
    • Do shoghluaisteacht foirne: iarratais/tairiscintí maidir le postscáthú agus socrúcháin mhúinteoireachta
    • Do shoghluaisteacht na ndaltaí: cuardach maidir le comhscoil/comheagraíocht
  • Eochairghníomh 2 – Comhpháirtíochtaí don chomhoibriú
    • Smaointe maidir le tionscadail agus fógraí maidir le cuardach páirtí ar mhaithe le Comhpháirtíochtaí don Chomhoibriú agus Mionchomhpháirtíochtaí
  • Jean Monnet

 

Féadfaidh na postálacha a bheith bainteach le gníomhaíochtaí pleanáilte nó gníomhaíochtaí a bhfuil dearbhú faighte acu maidir le maoiniú.

 

Faigh níos mó amach faoi spriocdhátaí, coinníollacha, agus nósanna imeachta na n-iarratas ar shuíomh gréasáin Erasmus+.

 

Beartas maidir le húsáid inghlactha

 

Má tá liostú á fhoilsiú agat, léigh go cúramach an méid seo:

  • Tá dualgas ar na daoine a dhéanann an phostáil a chinntiú go bhfuil faisnéis chruinn agus a bhaineann le hábhar ina gcuid postálacha, lena n-áirítear uasdátú a dhéanamh ar an ábhar nuair is gá.
  • Cinnteoidh lucht déanta na bpostálacha go mbeidh aon ábhar a chuireann siad ar an Ardán cruinn (áit ar bith a bhfuil fíricí i gceist) agus gur fíorthuairimí atá i gceist (áit ar bith a bhfuil tuairimí i gceist).
  • Ní ceadmhach aon ábhar, íomhá, físeán, nó rud ar bith den chineál sin a phostáil nó a sheoladh ar an Ardán mura bhfuil an cead ag lucht déanta na bpostálacha iad a úsáid.
  • Ní cheadaítear do lucht déanta na bpostálacha pearsanú a dhéanamh ar aon duine nó eintiteas, ná iad féin a chur in iúl go bréagach, ná bréagléiriú a thabhairt orthu féin ar aon bhealach eile.
  • Ní cheadaítear an t-ábhar ná aon chuid de (lena n-áirítear teidil, cur síos, meiteashonraí, dátaí, sonraí teagmhála, etc.) a chúbláil ar bhealach ar bith a d’fhéadfadh léitheoirí a chur ar míthreoir ná ní cheadaítear faisnéis a bhaineann le hábhar a cheilt orthu agus áirítear leis sin faisnéis bhréagach nó faisnéis atá curtha as a riocht a chur ar fáil ar mhaithe le hinfheictheacht thorthaí an chuardaigh a fheabhsú.

 

Sárú ar na téarmaí agus coinníollacha

 

Is sárú ábhartha ar na Téarmaí agus Coinníollacha, ar gá d’úsáideoirí glacadh leo leis an ardán seo a úsáid, é mainneachtain an Beartas seo maidir le hÚsáid Inghlactha a chomhlíonadh, agus féadfaidh na gníomhartha seo ar fad nó cuid acu a bheith mar thoradh air sin ag am ar bith agus gan réamhfhógra:

 

  • Tarraingt siar láithreach, sealadach, nó buan an chirt úsáid a bhaint as an Ardán.
  • Baint láithreach, sealadach, nó buan aon liostaithe nó ábhair a d’uaslódáil an t-úsáideoir chuig an Ardán agus a mheastar a bheith míchruinn, míchuí, nó neamhábhartha ó thaobh chuspóirí agus sprioclucht an Ardáin.
  • Baint láithreach, sealadach, nó buan aon trácht úsáideora nó aon fhreagraí bunaithe ar ár mbreithiúnas féin má tá siad maslach nó má tá an chuma orthu go bhfuil siad bréagach nó gur cóipeanna iad.
  • Rabhadh a eisiúint don úsáideoir.

 

Déanfar an cinneadh maidir leis na hiarmhairtí cuí a bheidh i gceist leis na Téarmaí agus Coinníollacha seo a shárú bunaithe ar dhéine an tsáraithe agus ar chúlra an úsáideora ar an ardán. Go háirithe, ní fhéadfaidh bunús a bheith le cinneadh ceart chun úsáid a bhaint as an ardán a aistarraingt go buan ach amháin má tugadh rabhadh don úsáideoir cheana féin, i gcomhthéacs sárú ar na Téarmaí agus Coinníollacha seo roimhe seo, go bhféadfaí go n-aistarraingeofaí a chearta go buan i gcás sáraithe eile.

 

I gcás go mbaintear do chuid postálacha i gcibé foirm, go n-aistarraingítear do cheart an tArdán a úsáid, nó go ndiúltaítear rochtain leis, tá sé de cheart agat na cúiseanna taobh thiar den chinneadh a lorg. Ba cheart iarratas den chineál seo a chur chuig helpdesk@esep-support.eu.

 

Ní fhreagrófar aon iarratas a shíltear a bheith maslach, go háirithe má tá athleagan isteach i gceist. I gcásanna den chineál seo, cuirfear scéala chugat go meastar an t-iarratas a bheith maslach agus nach gcuirfear aon fhreagra eile ar fáil.

 

Is féidir leat do chuid tráchtanna maidir le cinneadh a rinneadh do cheart an t-ardán a úsáid a aistarraingt a chur chuig EAC-SEG@ec.europa.eu