Skip to main content
European School Education Platform
Label

Cáilíocht Náisiúnta eTwinning

Bronntar Marcanna Cáilíochta eTwinning ar mhúinteoirí agus ar a scoláirí as a gcuid oibre i dtionscadail bunaithe ar chomhchreat measúnaithe.
Apply for label
Do you want to apply for a label? Join eTwinning today.
eTwinning National Quality Label image
Image: Certificate

Marcanna Cáilíochta Náisiúnta

  • An bhfuil comhspriocanna agus plean comhroinnte ag do thionscadal eTwinning?
  • An bhfuil sé críochnaithe nó an bhfuil sé sna céimeanna deiridh?
  • Ar chuir tú féin agus do chuid scoláirí le gach ceann de ghníomhaíochtaí an tionscadail?
  • Ar eagraigh tú féin agus do pháirtithe gníomhaíochtaí comhoibríocha?
  • Ar chuir tú san áireamh ceisteanna cosanta sonraí agus cóipchirt?

Má thug tú freagra dearfach ar gach ceann de na riachtanais thuas, ba cheart duit cur isteach ar Mharc Cáilíochta Náisiúnta! Déantar na tionscadail ar fad a mheas ag baint úsáid as cúig chritéar. Le bheith incháilithe do Mharc Cáilíochta (náisiúnta agus/nó Eorpach), caithfidh tú ar a laghad na bunriachtanais a luaitear sna fo-chritéir thíos a bhaint amach: 

  • straitéisí don chomhoibriú ar líne le páistí ó na scoileanna comhpháirteacha 
  • úsáid a bhaint as TFC (na huirlisí teicniúla ar fad)
  • RGCS, cóipcheart agus ceisteanna ríomhshábháilteachta

Cén chaoi ar féidir cur isteach air?

  • logáil isteach i limistéar eTwinning ar ESEP
  • téigh chuig Tionscadal
  • aimsigh do thionscadal agus cliceáil ar ‘Cuir isteach ar Mharc Cáilíochta’
  • líon isteach na boscaí ar fad agus cuir fianaise ar fáil de do chuid oibre.

Is féidir na céimeanna thuas ar fad a leanúint i gcás gach ceann de na tionscadail a thuilleann Marc Cáilíochta dar leatsa, ach ní féidir cuir isteach ar mharc cáilíochta do níos mó ná ceithre thionscadal le linn scoilbhliana amháin.

 

Ní féidir cur isteach ar Mharc Cáilíochta Náisiúnta ach amháin i gcás más tionscadal Eorpach (a bhfuil bunaitheoirí ó dhá thír éagsúla i gceist leis) atá ann. Ní féidir cur isteach ar Mharc Cáilíochta Náisiúnta i gcás tionscadal náisiúnta (a bhfuil bunaitheoirí ón tír chéanna i gceist leis) fiú má chuireann siad páirtithe ó thír eile leis an tionscadal níos déanaí.
 

Noda cabhracha

Líon isteach an t-eolas ar fad i gcomhad Word ar dtús agus déan do chuid freagra a chóipeáil isteach ar an bhfoirm iarratais. Má dhéanann tú sin, ní chaillfidh tú an t-eolas ar fad atá scríofa agat má ghlacann sé níos mó ná 30 nóiméad ort é a chomhlíonadh! Cuir níos mó eolais ar fáil maidir leis na gnéithe de do thionscadal nach bhfeictear mar go bhfeicfidh na meastóirí an obair ar fad atá le feiceáil i do TwinSpace.

 

Is ar an múinteoir a bhronntar an Marc Cáilíochta, agus tá sé pearsanta. Fiú má oibríonn tú ar an tionscadal céanna le comhghleacaithe eile i do scoil, ba cheart do do chomhghleacaithe cur isteach ar Mharc Cáilíochta freisin agus an chaoi ar chuir gach duine agaibh leis an tionscadal a chur in iúl. Bronntar an Marc Cáilíochta ar mhúinteoirí a chuir go mór agus go soiléir le gníomhaíochtaí an tionscadail.

Cén fáth ar cheart cur isteach air?

Cuireann an Marc Cáilíochta ar fáil:

  • measúnú ceart bunaithe ar chomhchreat oideolaíochta;
  • deis do mhúinteoirí feabhas a chur ar a obair thionscadail.

Cé a bhronnann an marc cáilíochta?

Is é an Eagraíocht Náisiúnta Tacaíochta (NSO) i ngach tír a dhéanann iarratais ó na scoileanna don Mharc Cáilíochta Náisiúnta a mheas. Bronntar marcanna le linn na bliana, ach, i roinnt tíortha, bíonn na spriocdhátaí socraithe; mar sin, déan cinnte dul i dteagmháil le do NSO maidir le heolas faoi na spriocdhátaí i do thír féin. A luaithe agus a ghlactar le nó a dhiúltaítear do d’iarratas, beidh do NSO i dteagmháil leat.

Critéir do na Marcanna Cáilíochta

Bain úsáid as an seicliosta thíos agus do thionscadal á phleanáil agus á chur i bhfeidhm agat le cinntiú go dtagann do thionscadal leis na critéir don Mharc Cáilíochta.

Comhoibriú le scoileanna comhpháirteacha:

  • bíonn níos mó ná cumarsáid amháin i gceist leis na gníomhaíochtaí comhoibrithe;
  • oibríonn scoileanna comhpháirteacha le chéile chun comhghníomhaíochtaí a bhaint amach;
  • ní faighteoirí eolais amháin iad páirtithe;
  • bíonn toradh inbhraite ag na gníomhaíochtaí comhoibrithe.

Úsáid na teicneolaíochta:

  • baintear úsáid as an teicneolaíocht chun cabhrú leis na páirtithe a gcuid cuspóirí oideolaíochta a bhaint amach;
  • cabhraíonn na huirlisí leis na páirtithe comhoibriú níos fearr a dhéanamh eatarthu féin.

Cuir chuige oideolaíochta:

  • baineann úrnuacht le téama an tionscadail;
  • baineann réimse leathan modhanna oideolaíochta leis;
  • is iad na daltaí a ghlacann céim chun tosaigh;
  • déanann daltaí idirghníomhú lena dtuismitheoirí agus oibríonn siad go comhoibríoch agus úsáid á baint acu as modhanna éagsúla mar shampla, bailiú eolais, réiteach fadhbanna, taighde, agus obair chomparáideach;
  • bíonn róil éagsúla ag na daltaí cosúil le ról ealaíontóra, iriseora, teicneora, eolaí, aisteora, srl.

Comhtháthú curaclaim:

  • tá an tionscadal bunaithe ar churaclam agus siollabais na scoile;
  • déantar formhór na hoibre le linn uaireanta scoile;
  • tá an comhtháthú curaclaim sa tionscadal soiléir;
  • ligeann an obair thionscadail do na daltaí a gcuid scileanna agus inniúlachtaí a fhorbairt;
  • rinne an múinteoir an creat oideolaíochta tionscadalbhunaithe a mhíniú agus a dhoiciméadú.

Torthaí agus doiciméadú

Déan cinnte:

  • go gcuirtear torthaí an tionscadail ar fáil ar líne;
  • go mbíonn na daltaí páirteach sa TwinSpace;
  • go ndéantar doiciméadú ar gach céim den tionscadal, pleanáil, cur síos ar ghníomhaíochtaí, measúnú agus aiseolas san áireamh.
  • go ndéanann tú an tionchar a bhí ag an tionscadal ar na daltaí agus ar na múinteoirí a bhí páirteach a mheas agus a fhoilsiú;
  • go mbaineann tú úsáid as an seicliosta agus do thionscadal á phleanáil agus á chur i bhfeidhm agat le féachaint an dtagann do thionscadal leis na critéir don Mharc Cáilíochta.

 

Bain úsáid as an seicliosta agus do thionscadal á phleanáil agus á chur i bhfeidhm agat le féachaint an dtagann do thionscadal leis na critéir don Mharc Cáilíochta.

Tags

Online learning
Migrant students
Pedagogy
Events

Key competences

Science
Mathematical
Technology and engineering
Social and learning
Personal