Skip to main content
European School Education Platform
Label

Marc Cáilíochta Eorpach

Déanann an Marc Cáilíochta Eorpach obair na múinteoirí agus daltaí ar fad atá páirteach i dtionscadal eTwinning a mheas. Is iad na tionscadail a fuair an rangú is fearr i measc na dtionscadal ar bronnadh Marc Cáilíochta Náisiúnta orthu iad na tionscadail a mbronntar Marc Cáilíochta Eorpach orthu. Léiríonn na tionscadail seo samplaí de chomhoibriú Eorpach ar éirigh leis. Marc Cáilíochta Eorpach - Níl aon ghá cur isteach air!
eTwinning European Quality Label


Bronnann an Lárionad Tacaíochta (CSS) é ar mhúinteoirí atá bainteach i dtionscadal faoi mar a luaitear thíos.
 

  • Rinne ar a laghad Eagraíocht Náisiúnta Tacaíochta an múinteoir a mholadh i gcomhair Marc Cáilíochta Eorpach, i ndiaidh próisis scagtha. Déanann gach Eagraíocht Náisiúnta Tacaíochta tríú uachtarach na Marcanna Cáilíochta Náisiúnta a bronnadh a ainmniú bunaithe ar a scór cáilíochta.
  • Tá dhá pháirtí ar a laghad sa tionscadal a bhfuil Marc Cáilíochta Náisiúnta faighte acu. 

 

Ní bhronntar an Marc Cáilíochta Eorpach ach uair sa bhliain agus bíonn sé le feiceáil ar an eTwinning Portal.


Tabhair faoi deara le do thoil, i gcás tionscadal náisiúnta (ina bhfuil dhá bhunaitheoir ón tír chéanna) a chuireann páirtithe ó thír Eorpach eile leis an tionscadal ag pointe níos déanaí, nach mbíonn na tionscadail sin incháilithe do Mharc Cáilíochta Eorpach.


Ní mór duit Marc Cáilíochta Eorpach a bheith agat le páirt a ghlacadh i gcomórtas Duaiseanna Eorpacha eTwinning!