Skip to main content
European School Education Platform
Survey

Suirbhé ar an litearthacht agus ar leabharlanna scoile – Torthaí

Imríonn go leor leabharlann scoile ról tábhachtach i gcur chun cinn na litearthachta agus i dtacú le cleachtais nua oideolaíocha.
A pile of books in a library

Is féidir le leabharlanna scoile tacú leis an bhfoghlaim féinstiúrtha lasmuigh den teagasc foirmiúil sa seomra ranga. Tugann siad slí eile le foghlaim agus le scileanna a fhorbairt trí acmhainní foghlama agus spás staidéir a chur ar fáil. Is féidir le leabharlanna scoile a bheith ina n-áit ar féidir le daltaí níos mó oibre a dhéanamh ar cheachtanna, léamh ar mhaithe leis an bpléisiúr, agus taighde a dhéanamh, le cabhair bhaill cháilithe foirne uaireanta.

Is éard is litearthacht ann ná an cumas coincheapa a thuiscint agus a chur in iúl agus ciall a bhaint astu i bhfoirm scríofa agus ó bhéal araon. Cuireann sé in iúl an cumas cumarsáid a dhéanamh agus dul i gcion ar dhaoine ar bhealach feiliúnach agus cruthaitheach (Moladh ón gComhairle maidir le príomhinniúlachtaí don fhoghlaim ar feadh an tsaoil, 2018).

Cén chaoi a bhforbraíonn do leabharlann scoile do scileanna léitheoireachta agus do ghrá don léitheoireacht? Céard iad na hathruithe atá tagtha air le riachtanais na múinteoirí agus na bhfoghlaimeoirí a chur san áireamh?

 

Ba é aidhm an tsuirbhé seo tuiscint a fháil ar thuairimí maidir le leabharlanna scoile agus litearthacht. Bhí sé oscailte ó 1 Meán Fómhair go dtí 1 Samhain agus ghlac 129 freagróir ó 25 tír páirt. Múinteoirí nó ceannairí scoile a bhí in 69% de na freagróirí agus ba bhaill foirne tacaíochta laistigh den scoil, ar nós leabharlannaithe, iad 16% díobh.

Torthaí (N = 129)

 

1 - Roghnaigh gach ceann a bhaineann le do scoil nó le scoil a bhfuil cur amach agat air


Chuir 95% de fhreagróirí in iúl go raibh leabharlann ina scoile agus chuir níos mó ná leath de na freagróirí (55%) in iúl go bhfaigheann a leabharlann scoile leabhair nua ar a laghad uair sa bhliain. Chomh maith leis sin, dúirt 53% de fhreagróirí go bhfuil leabharlannaí scoile sa scoil agus go ndéanann a scoil comhoibriú leis an leabharlann poiblí áitiúil.

Maidir le húsáid na leabharlainne scoile, dúirt thart ar 46% de fhreagróirí go n-úsáideann formhór na ndaltaí go rialta an leabharlann, cé go ndúirt 27% go n-úsáideann múinteoirí é ar bhonn seachtainiúil. Dúirt thart ar 22% gur laghdaíodh seirbhísí na leabharlainne scoile le blianta beaga anuas agus ní dúirt ach 5% go ndíríonn an leabharlann scoile ar ábhar digiteach níos mó ná ar leabhair.

literacy and school libraries - survey graph 1

 

  1. Tá leabharlann scoile sa scoil
  2. Oibríonn an scoil i gcomhar leis an leabharlann phoiblí áitiúil
  3. Tá laghdú tagtha ar sheirbhísí na leabharlainne scoile le roinnt blianta anuas
  4. Díríonn an leabharlann scoile níos mó ar ábhar digiteach ná ar leabhair anois
  5. Tá leabharlannaí sa scoil arb é/í an t-aon duine atá freagrach as an leabharlann
  6. Úsáideann an chuid is mó de dhalta go rialta an leabharlann
  7. Úsáideann múinteoirí an leabharlann don obair uair sa tseachtain ar a laghad
  8. Ceannaítear leabhair nua don leabharlann uair sa bhliain ar a laghad

 

2 - I do thuairim, céard iad príomhdhualgais leabharlann scoile?


Dar leis na freagróirí, is iad na trí phríomhthasc a bhíonn ag leabharlanna scoile ná an léitheoireacht don phléisiúr a spreagadh (67%), cabhrú le scoláirí a bheith ina n-úsáideoirí criticiúla faisnéise (585) agus leibhéal na litearthachta agus na gnóthachtála a ardú (46%).

Is measc na dtascanna nár luadh chomh minic céanna, tá; an fhoghlaim neamhfhoirmiúil a chur chun cinn trí ghníomhaíochtaí i ndiaidh na scoile (24%), rochtain ar an idirlíon agus ar acmhainní ar líne a chur ar fáil (22%), spás ciúin staidéir a chur ar fáil (17%), agus acmhainní/ábhar teagaisc a chur ar fáil do mhúinteoirí (17%).

Bhí rátaí níos ísle ann maidir le foireann cháilithe leabharlainne ag cabhrú leis na scoláirí ó thaobh a gcuid staidéir de (15%), cóipeanna crua de leabhair agus d’ábhar foghlama (14%) agus ionad coinní a chur ar fáil d’fhoireann na scoile, do na daltaí, agus do na tuismitheoirí (10%).

literacy and school libraries - survey graph 2
  1. Cóipeanna crua de leabhair agus d’ábhar foghlama a chur ar fáil
  2. Litearthacht agus leibhéal gnóthachtála a ardú
  3. Spás ciúin staidéir a chur ar fáil
  4. Treoir ó bhaill cháilithe foirne na leabharlainne a chur ar fáil do dhaltaí agus iad i mbun staidéir
  5. Rochtain ar an idirlíon, ar e-leabhair, ar uirlisí digiteacha, agus ar acmhainní ar líne a chur ar fáil
  6. Acmhainní agus ábhair teagaisc a chur ar fáil do mhúinteoirí
  7. A bheith ina phointe teagmhála do bhaill foirne na scoile, na daltaí, agus na tuismitheoirí
  8. Cabhrú le daltaí eolas a úsáid go criticiúil
  9. An fhoghlaim neamhfhoirmiúil a spreagadh trí ghníomhaíochtaí iarscoile ar nós club leabhar a eagrú
  10. An léitheoireacht ar mhaithe le pléisiúr a spreagadh

 

3 - Cé chomh héifeachtach is shíleann tú na straitéisí seo a leanas a bheith i gcomhthéacs an litearthacht a fhorbairt


Dar le freagróirí an tsuirbhé, ba iad na straitéisí ab éifeachtaí chun litearthacht na scoláirí a fhorbairt ná scoláirí a spreagadh chun a rogha leabhar a léamh sa leabharlann (dúirt 94% de fhreagróirí go bhfuil sé seo an-éifeachtach nó éifeachtach) agus gníomhaíochtaí rialta a bhaineann leis an léitheoireacht a eagrú, ar nós cuireadh a thabhairt d’údair agus d’fhilí áitiúla teacht agus labhairt faoina leabhair (91%).

Ceithre straitéis eile a síleadh a bheith éifeachtach nó an-éifeachtach: club leabhar a chur ar bun sa scoil (87%), gaol níos dlúithe a chruthú idir an scoil agus na leabharlann phoiblí áitiúil (78%), tuismitheoirí na scoláirí a dhéanamh páirteach i léitheoireacht na scoláirí (78%), agus cláir léamh os ard a chur chun cinn (78%).

I measc cuid de na straitéisí nach raibh chomh coitianta céanna ach a síleadh fós féin a bheith éifeachtach, bhí ugach agus duaiseanna a chur ar fáil don léitheoireacht ar mhaithe le pléisiúr (74%) agus am faoi leith a ainmniú sa leabharlann don léitheoireacht neamhspleách (68%).

literacy and school libraries - survey graph 3

 

   An-éifeachtach
 Éifeachtach
 Nílim cinnte
 Neamhéifeachtach
 An-neamhéifeachtach

 

  1. Daltaí a spreagadh le leabhair a rogha a léamh sa leabharlann
  2. Am ar leith a chur ar leataobh don léamh neamhspleách nó don phléisiúr
  3. Spreagadh agus duaiseanna a chur ar fáil don léitheoireacht ar mhaithe le pléisiúr (m.sh. dearbháin leabhar, leabhair saor in aisce, duaiseanna leabhar, laethanta speisialta, agus imeachtaí)
  4. Tuismitheoirí a dhéanamh páirteach i léamh na ndaltaí (m.sh. léamh sa bhaile, páistí ag léamh do thuismitheoirí, tuismitheoirí ag léamh do pháistí)
  5. Ceangail níos dlúithe a fhorbairt idir leabharlann na scoile agus an leabharlann phoiblí áitiúil
  6. Gníomhaíochtaí a bhaineann leis an léitheoireacht a eagrú go rialta, mar shampla, cuireadh a thabhairt d’údair agus d’fhilí teacht agus labhairt faoina leabhair
  7. Club leabhar a bhunú
  8. Cláir léamh os ard a spreagadh

 

4 - Roghnaigh trí chás a bheidh ann amach anseo, dar leat


Nuair a ceistíodh na freagróirí maidir le todhchaí na leabharlann scoile, dúirt an chuid is mó de fhreagróirí (58%) go síleann siad go ndéanfar spásanna foghlama nó ionaid acmhainní a thacaíonn le foghlaim féinstiúrtha, difreáil, agus an fhoghlaim thionscadalbhunaithe (56%) díobh. Dúirt beagnach leath de na freagróirí (46%) go síleann siad go ndéanfar spásanna foghlama fíorúla díobh agus go gcuirfidh siad chun cinn an comhoibriú idir leabharlannaithe agus múinteoirí ranga (44%). Níor chuir mórán daoine in iúl go gceapann siad go ndéanfar spásanna eile de na leabharlanna scoile (13%), go mbainfidh scoláirí níos mó úsáid as na meáin shóisialta chun eolas a fháil maidir leis an leabharlann (12%), nó go mbeidh níos lú leabhar clóite iontu (11%).

literacy and school libraries - survey graph 4
  1. Níos mó comhoibrithe idir leabharlannaithe agus múinteoirí ranga (m.sh. comh-mhúinteoireacht)
  2. A leabharlann féin a bheith ag níos mó scoileanna
  3. Comhoibriú níos dlúithe idir comhordaitheoirí na foghlama digití agus leabharlannaithe scoile
  4. Tacaíocht á cur ar fáil sa leabharlann maidir le foghlaim féinstiúrtha, idirdhealú, agus foghlaim tionscadalbhunaithe
  5. Leabharlanna ag feidhmiú mar spásanna foghlama nó mar ionaid acmhainní den chuid is mó (agus leabhair ar cheann de na hacmhainní, ag an leibhéal céanna le hacmhainní digiteacha, fuaime, agus eile)
  6. Spásanna eile ann in ionad leabharlann, mar shampla, seomraí ranga nó saotharlanna
  7. Níos lú leabhar clóite sa leabharlann
  8. Leabharlanna ina spás don fhoghlaim fhíorúil inrochtana do chách ag am ar bith, in áit ar bith, agus ar ghléas ar bith
  9. Daltaí ag úsáid na meáin shóisialta níos mó chun teacht ar eolas maidir le spásanna foghlama na leabharlainne agus maidir leis na leabhair atá ar fáil

 

Conclúid


Cé go raibh ráta freagartha íseal go leor ag an suirbhé seo i gcomparáid le suirbhéanna eile sa tsraith seo, léiríonn sé go n-oibríonn formhór na bhfreagróirí i scoil a bhfuil leabharlann agus leabharlann scoile ann, agus go ndéantar uasdátú ar an leabharlann ar bhonn bliantúil ar a laghad. Mheas formhór na bhfreagróirí gur cheart do leabharlanna scoile an léitheoireacht don phléisiúr a spreagadh, cabhrú le scoláirí a bheith inniúil ó thaobh eolais de, agus leibhéal litearthachta agus gnóthachtála na scoláirí a ardú. Chun seo a dhéanamh, síleann freagróirí gurb iad na straitéisí is éifeachtaí ná scoláirí a spreagadh lena rogha leabhar a léamh sa leabharlann, gníomhaíochtaí rialta a bhaineann leis an léitheoireacht a eagrú, gaol níos dlúithe a bhunú le leabharlanna poiblí agus tuismitheoirí na scoláirí a dhéanamh páirteach. Faoi dheireadh, síleann freagróirí go mbeidh leabharlanna amach anseo ina spásanna foghlama nó ina n-ionaid acmhainní a thacaíonn leis an bhfoghlaim fhéinstiúrtha, difreáil, agus an fhoghlaim thionscadalbhunaithe ach ag an am céanna go n-úsáidfear go fóill leabhair chlóite.

 

 

Cén ceann de na roghanna thíos is fearr a dhéanann cur síos ar do ról?

 

literacy and school libraries - survey graph 5
  1. Múinteoir - oideachas agus cúram na luath-óige
  2. Múinteoir - bunscolaíocht
  3. Múinteoir - meánscolaíocht
  4. Múinteoir - gairmoideachas
  5. Ceann scoile
  6. Údarás náisiúnta, réigiúnach, nó áitiúil
  7. Oideoir múinteoirí
  8. Lucht déanta beartas oideachais
  9. Tuismitheoir
  10. Foireann tacaíochta ionscoile (m.sh. leabharlannaí scoile, comhairleoir gairme)
  11. Cleachtóir seachtrach (cuairt a thabhairt ar scoileanna)
  12. Gairmí/geallsealbhóir oideachasúil eile

 

 

 

Additional information

  • Education type:
    School Education
  • Target audience:
    Head Teacher / Principal
    Librarian
    Researcher
    Student Teacher
    Teacher
    Teacher Educator
  • Target audience ISCED:
    Primary education (ISCED 1)
    Lower secondary education (ISCED 2)
    Upper secondary education (ISCED 3)

Tags

School subjects

Language & Literature

Key competences

Literacy