Skip to main content
European School Education Platform
Expert article

STEAMing up the score

San alt seo, pléann an Dr Daithí Kearney a aistear pearsanta mar léachtóir ceoil agus an chaoi ar imir STEAM (eolaíocht, teicneolaíocht, innealtóireacht, ealaín, agus an mhatamaitic) tionchar ar a gcur chuige teagaisc.
Hands and musical notes
Image: Adobe Stock / ipopba

Beagnach deich mbliana ó shin anois, chuaigh mé chun na hIorua ar mhaithe le páirt a ghlacadh i ndianchlár Erasmus. Ba é an dara bliain dom a bheith i mbun léachtóireachta sa cheol in Éirinn agus bhí orm meascán de ranganna léirithe agus teoirice a éascú. Bhí mé cleachta le bheith ag teagasc trí ábhar a chur i láthair do mhic léinn agus míniú dóibh cén chaoi le brí a bhaint as. Bhí mo chuid mac léinn cumasach ina gcuid uirlisí ceoil cheana féin agus dhírigh an fhoghlaim ar fad ar an gceol. I gcomhthéacs na gcuspóirí foghlama a bhí leagtha amach sa chur síos ar an modúl, ‘d’oibrigh’ sé.

 

San Iorua, bhí deis agam obair le comhghleacaithe ó dhisciplíní éagsúla, ó institiúidí éagsúla, agus ó thíortha éagsúla. Bhíomar i seomra ranga idirdhisciplíneach ansin, áit nár oibrigh an cur chuige teagaisc a bhí agam féin. Sa spás roinnte, níor sheinn go leor daltaí uirlisí ceoil agus ní raibh curaclam saindisciplín leagtha amach agam. Ní raibh aon scór traidisiúnta le seinm agus in amanna theastaigh am ó na rannpháirtithe mo chuid treoracha sa Bhéarla a thuiscint mar gheall ar an mblas Éireannach a bhí ar mo chuid cainte agus mar gheall nárbh é an Béarla máthairtheanga cuid de rannpháirtithe. Ag deireadh na coicíse, inar fhoghlaim muid faoi rigí ola, scéalta taibhsí, agus an ghrianghrafadóireacht, chruthaigh muid léiriú le chéile a chuir leis an tuiscint a bhí againn ar na féidearthachtaí ó thaobh cruthaitheachta de a bhí ag gach rannpháirtí agus ar an inspioráid atá le fáil sa domhan thart timpeall orainn.

 

Dar leis an oideoir ceoil Estelle Jorgenson, bíonn ról gníomhach ag mic léinn sa phróiseas foghlama, agus is fúinne mar mhúinteoirí atá sé cabhrú leo. Bíonn cúnamh ag teastáil uainne freisin agus, trí chomhoibriú a dhéanamh le comhghleacaithe, is féidir linn eolas a roinnt maidir le ‘cén chaoi’ agus ‘céard’ le teagasc. Trí fáil réidh le teorainneacha na smaointeoireachta disciplíní, is féidir linn teacht ar pheirspictíochtaí agus cuir chuige nua a ionchuimsíonn, a spreagann, agus a chuireann dúshláin roimh mhúinteoirí agus mic léinn ó thaobh foghlaim taobh amuigh dá gcuid ábhar féin agus tuiscint a fháil ar bhrí níos leithne na foghlama i gcomhthéacs a n-eispéiris saoil féin. Ní bhaineann sé seo ó chaighdeán na ndisciplín ná ón ngá leis an bhfoghlaim agus taighde saindisciplín ach bíonn STEAM-power i gceist leis an struchtúr seo atá níos solúbtha.

 

Thug m’aistear san fhoghlaim chruthaitheach agus aeistéitice mé i dtreo STEAM. Mar ealaíontóir, bhí an bhaint a bhíonn agam le heolaíocht, teicneolaíocht, innealtóireacht, agus matamaitic ábalta mé a spreagadh, agus bhí mé in ann, trí mheán gníomhaíochtaí cruthaitheacha agus aeistéitiúla, tuiscint níos fearr a fhorbairt maidir le coincheapa agus smaointe a chuireadh faitíos orm go minic. Trí chanadh nó damhsa maidir le beacha nó leis an domhantarraingt, bhí mé ábalta meonta óga a d’fhorbair ceangal mothúchánach agus cuimsithe le topaicí a spreagadh. Go criticiúil, d’fhorbair mo chleachtas teagaisc agus bhí mé ábalta an cur chuige taiscéalaíoch seo i leith topaicí a thabhairt isteach i mo sheomra ranga féin, a bhí ‘níos traidisiúnta’. D’fhoghlaim mé níos mó faoi shuimeanna agus scileanna nár bhain leis an gceol mo chuid mac léinn.

 

Mar ealaíontóirí, tarlaíonn sé uaireanta go síleann ár gcomhghleacaithe STEM nach ionann ach pléisiúr, agus go mbaineann siad taitneamh as ár gcuid léirithe gan iarracht a dhéanamh riamh tuiscint a fháil ar an eolaíocht, teicneolaíocht, innealtóireacht, agus matamaitic a bhíonn taobh thiar dár gcuid oibre, agus gan iarracht a dhéanamh sin a aithint fiú. Mar ealaíontóirí, ní hamháin go dteastaíonn uainn an tuiscint atá againn ar STEM a fhorbairt, ach táimid ag léiriú an chaoi ar féidir linn daoine a chur ar an eolas agus a spreagadh sna réimsí seo. Le chéile, is féidir linn tuiscint a fháil ar iontais an domhain thart timpeall orainn agus níos faide i gcéin. Mar mhúinteoir, in amanna, nuair a chuir mé spás ar fáil le foghlaim faoi STEAM seachas díriú ar an scór, ba é an toradh a bhí air sin ná léirithe níos cruthaithí a bhain na cuspóirí foghlama a bhí leagtha síos agus go leor eile amach.

 

 

Is léachtóir sa cheol, drámaíocht, agus turasóireacht é an Dr Daithí Kearney, ar eithnicheoleolaí, tíreolaí, agus léiritheoir é chomh maith le comhstiúrthóir an Creative Arts Research Centre in Institiúid Teicneolaíochta Dhún Dealgan. Bhí baint aige le trí Dhianchlár Erasmus: IP CREAL (2012-2015), SPACE (2016-2019) and NEXT STEP (2019-2022) a bhain le fealsúnachtaí STEAM don oideachas.

 

 

Additional information

  • Education type:
    School Education
  • Target audience:
    Head Teacher / Principal
    Student Teacher
    Teacher
    Teacher Educator
  • Target audience ISCED:
    Lower secondary education (ISCED 2)
    Upper secondary education (ISCED 3)

Tags

Arts

School subjects

Art
Mathematics / Geometry
Music
Natural Sciences