Ag foghlaim cén chaoi le smaoineamh leis an gcroí: Ról drámaíocht an fhir ghrinn in oiliúint múinteoirí

Láidríonn foghlaimeoirí a gcumas comhleanúnachais, ar bunús é le teacht aniar agus sláinte, nuair a bhraitheann siad go bhfuil na tascanna a bhfuil orthu a dhéanamh soiléir, soláimhsithe, agus fiúntach dóibh (Rawson, 2021). Má bhraitheann scoláirí go mbaineann an rud a iarrtar orthu a dhéanamh lena gcuid spéiseanna beathaisnéiseacha, is mó an seans go mbeidh an spreagadh atá acu leathan agus ag teacht uathu féin. Déanann deiseanna foghlama a spreagann scoláirí le brath go bhfuil comhleanúnachas ann seachas bac a chur ar an tuiscint sin leas do na scoláirí. Is gá go mbeidh múinteoirí ann atá ábalta cásanna oideolaíochta faoi leith agus riachtanais aonair a thuiscint agus atá ábalta freagairt dóibh chun deiseanna den chineál sin a chur ar fáil. Dá mhéad a chuirtear an teagasc in oiriúint do thascanna forbartha agus spéiseanna na bhfoghlaimeoirí féin, is ea is inbhuanaithe agus is claochlaithí a bheidh an fhoghlaim. Sa phríomhghníomh oideachais, is éard a bhíonn i gceist ná duine éigin ag múineadh rud éigin fiúntach do dhuine éigin (Biesta, 2012). Mar sin, braitheann na foghlaimeoirí go mbaineann sé leis féin agus leis an gcaidreamh atá aige lena chorp, le daoine eile, agus leis an domhan.
Mar sin, is comhpháirt thábhachtach é/í an múinteoir mar dhuine san fhoghlaim éifeachtach. Is croíscil é an cumas a bheith i láthair (Rodger & Raider-Roth, 2006), an cumas cásanna oideolaíochta (atá annamh agus nach mbítear ag súil leo go minic) a aithint agus a thuiscint, agus an cumas freagairt ar bhealaí atá fiúntach do gach duine. Is éard atá i gceist leis seo ná mothúcháin na huaire a thuiscint agus a bheith in ann freagairt leis na focail, comharthaí, comharthaí coirp, agus gníomhartha cuí. Bíonn ar mhúinteoirí a bheith i láthair leis an bpointe oideolaíochta a aithint agus is gá go mbraitheann na scoláirí go bhfeiceann, go gcloiseann, go n-aithníonn, agus go nglacann a gcuid múinteoirí leo agus go gcruthaíonn siad deiseanna foghlama a bhaineann leo. An cheist atá ann, cén chaoi ar féidir an cumas seo a fhoghlaim?
I réimse oideachas Steiner Waldorf, d’éirigh linn freagra a fháil ar an gceist seo; drámaíocht an fhir ghrinn atá curtha in oiriúint do mhúinteoirí. Le 25 bliain anuas, tá cleachtadh agus taighde déanta againn ar an gcur chuige seo (Lutzker, 2007, 2012, Bryden & Rawson, 2022). Rinneadh leis na múinteoirí teanga ar dtús é agus ansin le múinteoirí ranga. Is cuid d’fhormhór na gclár oiliúna do mhúinteoirí Steiner Waldorf sa Ghearmáin (agus tá sé le feiceáil i níos mó agus níos mó tíortha eile anois) iad ceardlanna fear grinn atá comhtháthú leis an gclár nó a chuirtear ar fáil mar chúrsaí deireadh seachtaine.
Bíonn téamh suas suaimhneach i gceist leis na ceardlanna drámaíocht an fhir ghrinn chun na rannpháirtithe a nascadh leo féin, leis an spás, leis an ngrúpa, chomh maith le gníomhaíochtaí ullmhúcháin chun an spraoi agus fiosracht chomhoibritheach a spreagadh. Tugann na rannpháirtithe faoi thobchumadóireacht i ngrúpaí, i mbeirteanna, nó ina n-aonar fad is a bhíonn an grúpa ag féachaint ar na taibheoir(í) ar bhealach tacúil. Tá sé mar aidhm ag éascaitheoir na ceardlainne spás sóisialta sábháilte agus cosanta a chruthú ina bhfuil atmaisféar comhthacaíochta agus cúraim le brath. Ligeann sé seo do rannpháirtithe a gcuid teorainneacha féin a shárú, scaoileadh le gach rud, agus páirt a ghlacadh agus fonn orthu spraoi (dáiríre), súgradh, agus a bheith fiosrach. Bíonn an próiseas i gcónaí i bhfad níos spéisiúla ná an toradh.
Is é aidhm na ngníomhaíochtaí, na gcluichí, agus na tobchumadóireachta léargas a thabhairt do na rannpháirtithe ar pheirspictíocht an fhir ghrinn, is é sin, bualadh leis an domhan le croí oscailte agus le fiosracht agus glacadh maidir le cibé rud a tharlaíonn. Déantar ceiliúradh ar fhadhbanna agus ar ábhair mhíshásaimh mar gheall ar na deiseanna agus na hiontais a chruthaíonn siad. Déanann an fear grinn plé le solúbthacht an cháis agus téann sé i ngleic leis na sraitheanna doimhne tríd an gcroí, ní tríd an gcloigeann.
B’fhéidir go gceapfá nach obair dhian atá i gceist, ach d’fhéadfadh an-chuid crógachta a bheith ag teastáil chun scaoileadh le freagraí agus nósanna foghlamtha agus chun tú féin a oscailt don nóiméad agus machnamh ionraic a dhéanamh air ina dhiaidh. Tá an próiseas a bhaineann le ligean don chás ‘labhairt leat’ chomh tábhachtach céanna agus is éard atá i gceist ná breathnú flaithiúil an ‘lucht féachana’ (i.e. na rannpháirtithe eile), agus an machnamh a dhéantar ar an bpróiseas ina dhiaidh sin. Is cuid mhór de phróiseas na tuisceana iad an roinnt agus an féinmhachnamh, agus is éard atá i gceist leis sin ná go bpléann na rannpháirtithe leis an duine eile an méid a bhraith siad féin.
Tá Dr Martyn Rawson ina mhúinteoir Waldorf ó 1979, sa RA agus sa Ghearmáin araon. Múineann sé i Hamburg faoi láthair agus tá sé gníomhach in oiliúint na múinteoirí don Chlár Máistreachta ar Freie Hochschule Stuttgart. Ina theannta sin, tá sé ina Ollamh Oinigh ar Ollscoil Náisiúnta Tsing Hua i Taiwan.
Tuilleadh léitheoireachta:
- Biesta, G. J. J. (2012). Giving teaching back to education: Responding to the disappearance of the teacher. Phenomenology and Practice, 6(2), 35-49.
- Bryden, C., & Rawson, M. (2022). Theatre clowning in L2 teacher learning: An example from Waldorf/Steiner education. L2 Journal, 14(3).
- Lutzker, P. (2007) The Art of Foreign Language. Improvisation and drama in teacher development and language learning. Tübingen and Basel. Franke Verlag.
- Lutzker, P. (2012). Developing artisty in teaching: New approaches to teacher education. Research on Steiner Education, 3(1), 52-58.
- Rawson, M. (2021). Steiner Waldorf Pedagogy in Schools. A critical introduction. Abingdon and New York Routledge.
- Rodger, C. R., & Raiser-Roth, M. B. (2006). Presence in teaching. Teachers and Teaching: theory and practice, 12(3), 265-287.
Additional information
-
Target audience:Head Teacher / PrincipalSchool PsychologistStudent TeacherTeacherTeacher Educator