Skip to main content
European School Education Platform
Interview

Education Talks: Conairí i dtreo na rathúlachta scoile

Roinn an tOllamh Paul Downes, Stiúrthóir an Ionaid Mhíbhuntáiste Oideachais in Institiúid Oideachais Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, a gcuid tuairimí le déanaí maidir le togra nua an Choimisiúin Eorpaigh maidir le Moladh ón gComhairle ar Chonairí i dTreo na Rathúlachta Scoile. Leagtar bearta beartais amach sa cháipéis maidir le dul i ngleic leis an luathfhágáil scoile agus le gnóthachtáil íseal i mbunscileanna.
Interview visual - Paul Downes

Is mise an tOllamh Paul Downes, Ollamh le Síceolaíocht an Oideachas, agus Stiúrthóir an Ionaid Mhíbhuntáiste Oideachais in Institiúid Oideachais Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.

 

Céard iad na dúshláin is mó a bhaineann le torthaí oideachasúla a fheabhsú?

 

Is cúis mhór imní é deoch marfach an bhochtanais agus an tionchair iarphaindéime. Feicimid ó PISA 2018 go bhfuil laghdú an-imníoch  ag teacht ar ghráid bhunscileanna sa léitheoireacht, mata agus eolaíocht i gcás níos mó ná scoláire as gach cúigear ar fud na hEorpa.

 

Cén chaoi a ndéanfá an rathúlacht scoile a shainmhíniú?

 

Is cur chuige an-iomlánaíoch é ina nglactar leis gurb é an rathúlacht sláinte agus forbairt phearsanta agus shóisialta ár gcuid páistí agus daoine óga. Bíonn inniúlachtaí sóisialta agus pearsanta, féinfheasacht agus, ar ndóigh, ag an leibhéal sin, bíonn bac a chur ar bhulaíocht mar chuid de sin, mar is a mhalairt de chumarsáid shláintiúil é an bhulaíocht.

 

Moladh ón gComhairle maidir le Conairí i dtreo na rathúlachta scoile

 

Go cinnte, ar cheann de phríomhghnéithe an togra nua tá teachtaireacht chuig na ballstáit maidir le straitéisí le cosc a chur ar luathfhágáil scoile agus ar bhulaíocht a chur i bhfeidhm. Anseo tá raon gnéithe a cuireadh le Moladh 2011 na Comhairle. Áirítear ina measc seo béim níos láidre ar idirdhealú riachtanais, chun idirdhealú a dhéanamh idir cuir chuige ginearálta maidir le straitéisí ó chuir chuige a dhíríonn ar ghrúpaí, ó dhianthacaíocht aonair. Is príomhdhifríocht í dearcadh an idirdhealaithe. Aithnítear freisin cur chuige uilescoile, ní raibh sé sin i gcur chuige 2011, gur gá dúinn breathnú ar scoileanna mar chórais, córais chaidreamh, idirghabhálacha straitéiseacha, chomh maith le, ar ndóigh, foirne ildisciplíneacha laistigh de agus taobh amuigh de scoileanna: an ghné trasearnála, chun príomhearnálacha a thabhairt le chéile.

 

Cén chaoi ar féidir linn tacú le foghlaimeoirí?

 

Bhuel, sílim go bhfuil roinnt straitéisí ann ag leibhéal an choisc atá soiléir go leor agus a bheadh le cur i bhfeidhm go dian agus a bheadh bunús maith fianaise taobh thiar dóibh, ar nós, mar shampla, cláir leabhar sa bhaile a dhíríonn ar theaghlaigh atá an-bhocht le cinntiú go bhfuil acmhainní maithe léitheoireachta ina dtithe, chun an grá don fhoghlaim atá lárnach ní hamháin don chumas léitheoireachta ach do gach gnóthachtáil acadúil. Maidir le leibhéal na gnóthachtála, sampla soiléir a bheadh i samhail Lucsamburg, mar shampla, a bhaineann le hidirghabhálaithe teanga a bheith ann. Ina shampla féin, tá thart ar 37 teanga éagsúil acu, agus bheadh idirghabhálaithe acu dóibh siúd chun dul i ngleic le ceist na teanga. Maidir le gné an chúitimh, sílim go bhfuil ceachtanna soiléire in oideachas cúiteach, don ghnáthchóras fiú. Áirítear ina measc seo rudaí ar nós, aitheantas poiblí ar ghnóthachtáil trí dhuaiseanna agus searmanais chun gaisce a aithint. Is rud é seo nach mbeadh aon chostas ag baint leis a d’fhéadfaidh a thabhairt isteach sa ghnáthchóras níos mó.

 

Cén chaoi ar féidir linn tacú le hoideoirí?

 

Sílim gur deis soiléir anseo é réimse ar fad an chleachtais athshlánaíoch, ar réimse de  chuir chuige simplí go leor ceistiúcháin agus cumarsáide agus is gá idirdhealú a dhéanamh idir é sin agus an ceartas aisiríoch, ar togra an-éagsúil ar fad é. Is é an cleachtas athshlánaíoch i scoileanna ná bealach neamhchostasach simplí ach an-chaolchúiseach agus dírithe maidir le  cultúr na cumarsáide i scoil a fheabhsú trí cheisteanna oscailte a chabhraíonn an comhbhá agus tuiscint ar pheirspictíochtaí a chothú, ní sna scoláirí amháin ach san fhoireann chomh maith.

 

Céard iad na bearta is féidir tacú le cuir chuige uilescoile?

 

Is gá go mbeadh guthanna scoláirí agus tuismitheoirí mar chuid de chuir chuige uilescoile, agus scoláirí imeallaithe go háirithe agus iad siúd atá i mbaol an eisiaimh, ionas gur féidir a gcuid imní maidir leis an gcóras scoile a chloisteáil. Agus ar ndóigh, baineann an fhoireann ildisciplíneach le haithint go bhfuil an tuiscint atá againn ar scoil á leathnú againn. Bíonn níos mó i gceist le scoil ná múinteoirí agus scoláirí. Is suíomh é an scoil freisin inar féidir le réimse príomhghairmithe eile plé leis na riachtanais iomlánaíochaníos leithne a thacaíonn lenár bpáistí agus daoine óga.

 

Príomhghnéithe Chonairí i dtreo na rathúlachta scoile

 

  • Cosc/Idirghabháil/Cúiteamh
  • Cur chuige uilescoile
  • Riachtanais na bhfoghlaimeoirí
  • Rannpháirtíocht/ Gnóthachtáil/ Sláinte
  • Bailiú sonraí agus monatóireacht
  • Cuir chuige chórasacha

 

Additional information

  • Education type:
    School Education
  • Target audience:
    Government / policy maker
    Head Teacher / Principal
    Student Teacher
    Teacher
    Teacher Educator

Tags

Inclusion
Policy development
Tackling early school leaving
Well-being

Key competences

Personal
Personal, social and learning to learn
Social and learning