Education Talks: Tacú le hoideachas eolaíochta le huirlisí digiteacha ar chostas íseal

Julien Bobroff is ainm dom. Is fisiceoir Francach mé, shamhlóinn gur féidir sin a aithint ó mo bhlas, agus táim ag obair in aice le Páras, in Ollscoil Paris-Saclay. Is Ollamh ansin mé.
Dúshlán an mhúinteora eolaíochta: an eolaíocht a athnascadh le ceisteanna an fhíorshaoil
Sílim go bhfuil fadhb dháiríre againn maidir le hiarracht a dhéanamh an eolaíocht agus an fíorshaol a athnascadh, go háirithe agus géarchéim chomhshaoil ann. Na laethanta seo, dar liom féin ar aon nós, bíonn saotharlanna eolaíochta rud beag scoite amach ón bhfíorshaol agus go háirithe ón dúlra, agus tá ár scoláirí, ár bpáistí, níos minice agus níos minice ag lorg brí agus bealach le dul i ngleic leis an ngéarchéim chomhshaoil, mar sin, caithfimid an dá rud a athnascadh ar bhealach éigin agus a thaispeáint dóibh gur féidir leis an eolaíocht a bheith cabhrach chun an domhain a thuiscint níos fearr agus chun teacht ar réitigh nua.
An fón cliste mar uirlis ísealchostais
Nuair a deirtear uirlisí ar chostas íseal, bíonn costas íseal i gceist againn i ndáiríre, agus mar sin, píosa adhmaid a bheadh i gceist nó píosa páipéir nó rialóir, gach rud a bheadh agat sa seomra ranga cheana féin. Is é an t-aon uirlis chostasach a chuir muid sa scéal sin ná an fón cliste, ós rud é go bhfuil an fón cliste an-chostasach, ar ndóigh, ach bíonn siad ag formhór na ndéagóirí ina bpócaí cheana féin, mar sin, smaoiníonn muid air mar uirlis ísealchostais ‘bhréagach’. Is féidir an-chuid fisice a dhéanamh leis na huirlisí bunúsacha seo ar fad. Mar shampla, bíonn go leor braiteoirí i bhfón cliste, is féidir leat luasghéarú a ríomh, is féidir leat réimse maighnéadach a thomhas, is féidir leat solas a thomhas. Mar sin, is féidir leat go leor turgnamh a dhéanamh le d’fhón cliste.
Léiriú beo
Déanfaidh mé turgnamh beo libh maidir leis sin, ní leis na braiteoirí fiú ach leis an gceamara. Taispeánfaidh mé daoibh gan úsáid a bhaint ach as an gceamara conas an fhisic ar chostas íseal a dhéanamh. Bhuel, seo m’fhónsa cliste, tá súil agam go bhfeiceann sibh i gceart é anseo. Táim chun é a chasadh bunoscionn ionas gur féidir libh é a fheiceáil agus táim chun braon uisce a chur ar mo cheamara. Bhuel, tá mo cheamara anseo agus táim ag cur braon uisce anseo. Anois, tá sé go hiomlán neamhfhócasaithe, agus anseo táim i ndiaidh micreascóp ar chostas íseal a chruthú. Féach air sin. Cuirfidh mé bláth nó rud éigin mar sin in aice liom. Anois tá micreascóp agam atá comhtháite i m’fhón cliste. Is féidir liom é a dhéanamh le nóta mar sin agus is féidir liom na sonraí ar fad a fheiceáil. Agus má chuirim rialóir anseo, tá scála anois agam atá comhtháite i m’fhón agus is féidir liom scála milliméadair amháin a thomhas. Agus mar sin, táim i ndiaidh m’fhón cliste a aistriú ina mhicreascóip atá ábalta pictiúr a ghlacadh, atá ábalta físeáin a ghlacadh, agus ansin is féidir liom dul taobh amuigh, agus pictiúir/físeáin a ghlacadh den fhíorshaol agus ansin an fhisic agus eolaíocht a dhéanamh uaidh sin.
Ligean uirlisí ísealchostais duit an fhisic a dhéanamh áit ar bith is mian leat
Mar sin, is éard atá i gceist le huirlisí ar chostas íseal i ndáiríre ná uirlisí atá agat i do phóca agus a ligeann duit an fhisic a dhéanamh áit ar bith is mian leat. Tá fóin chliste in úsáid againn le blianta anois agus ag go leor comhghleacaithe ar fud an domhain agus tá iarracht déanta againn freisin staidéar a dhéanamh ar an tionchar ar scoláirí agus sílim go bhfuil rud amháin an-soiléir ó na staidéir atá déanta againn, agus is é sin, go gcabhraíonn fóin chliste le rannpháirtíocht na scoláirí. Bíonn níos mó spraoi iontu, bíonn siad níos rannpháirtí sa phróiseas. Chomh maith leis sin, príomhghné amháin atá tugtha faoi deara againn inár dteagasc ná nach iad na huirlisí ar chostas íseal nó fóin chliste iad féin an phríomhghné, ach an chaoi a ligeann siad duit an seomra ranga a fhágáil, dul taobh amuigh den tsaotharlann.
Anois is féidir leat dul, go clós na scoile nó ar an tsráid agus rudaí fíorshaoil a thomhas agus is príomhghné den teagasc seo é sin a athraíonn an chaoi a smaoiníonn scoláirí faoin eolaíocht. Tuigeann siad anois gur féidir leis an eolaíocht a bheith thart timpeall orthu agus ní i dtimpeallacht na saotharlainne amháin.
An digitiú a leabú sa seomra ranga
Más mian leat fón cliste a úsáid caithfidh tú ar dtús aipeanna saor in aisce a íoslódáil agus tá an-chuid aipeanna saor in aisce ar fud an domhain atá cruthaithe ag na hollscoileanna féin. Mar shampla, is ann do “Phyphox” nó "Physique" ar aipeanna an-mhaith iad a ligeann duit na braiteoirí seo ar fad atá ag an bhfón cliste cheana féin a úsáid.
Acmhainní saor in aisce
Chomh maith leis sin, táim féin agus m’fhoireann i ndiaidh go leor acmhainní saor in aisce a fhorbairt agus is féidir teacht orthu ar fad anseo, ag an nasc seo. Acmhainn amháin a fheicfidh tú, díreach ar mhaithe le sampla a thabhairt, ná an "Smartphone Physics Challenge", mar a thug muid air. Sa Smartphone Physics Challenge, iarrann muid ort airde foirgnimh, foirgneamh ar bith, an scoil féin, mar shampla, a thomhas le d’fhón cliste agus d’aimsigh muid 61 bealach éagsúil lena dhéanamh, agus molann muid na bealaí seo ar fad duit agus cabhraíonn muid leat tuiscint a fháil ar an gcaoi lena n-úsáid le do chuid scoláirí féin.
Todhchaí an teagaisc agus na foghlama le huirlisí ísealchostais
Ceapaim go smaoiním ar uirlisí ar chostas íseal mar dheis iontach athnuachan a dhéanamh ar an mbealach a múineann muid an eolaíocht, athnuachan a dhéanamh ar ár n-oideolaíocht, agus é a dhéanamh níos fiúntaí, agus níos cruthaithí, níos spreagúla, agus tá sé sin fíor i gcás na scoláirí agus i gcás na múinteoirí chomh maith. Bíonn sé i bhfad níos spraíúla deis a bheith agat dul taobh amuigh agus rudaí thart timpeall ort a thomhas. Tabharfaidh mé sampla an-phraiticiúil daoibh.
Le déanaí, thug muid ár gcuid scoláirí féin chuig coill agus d’fhan muid ansin ar fead lá amháin agus d’iarr muid orthu rud ar bith is mian leo a thomhas a thomhas: na feithidí, an ghaoth, na crainn, etc. Agus mar sin, bhí siad ábalta tuiscint a fháil ar an gcoill tríd an gcur chuige ar chostas íseal seo. Agus d’oscail sé sin bealaí nua dúinn lena múineadh agus lena gcumasú, agus le taispeáint dóibh gur féidir leo gníomhú maidir lena dtimpeallachtaí féin, gur féidir liom tuiscint níos fearr a fháil air, gur féidir leo dul i ngleic le fíorcheisteanna agus sílim go mbeidh sé sin ina phríomhghné i dtodhchaí an staidéir ar an eolaíocht, is é sin, iarracht a dhéanamh a thaispeáint dár bpáistí, dár scoláirí, gur féidir leis an eolaíocht cabhrú leo gníomhú agus iad ag dul i ngleic leis na dúshláin reatha atá romhainn.
Má tá polasaí ‘cosc ar fhón póca’ agaibh, mholfainnse iarracht a dhéanamh eisceacht a dhéanamh, agus teacht ar shocrú le gach duine agus a rá leo go mbeidh sibh ag tabhairt faoi eolaíocht agus go bhfuil sibh chun an fón cliste a úsáid ar bhealach cliste. Sin a dhéanann muid de ghnáth sa Fhrainc. Déanann muid iarracht idirbheartaíocht a dhéanamh i scoileanna le heisceacht a dhéanamh ar an bpolasaí sin. An réiteach eile ná úsáid a bhaint as táibléid, ar nós iPadanna, a bhfuil braiteoirí ach sílim gurb é an bealach is fearr ná iarracht a dhéanamh a chur in iúl do bhur gceannasaithe go n-úsáidfear ar bhealach cliste an fón cliste in bhur gcúrsa. Mar sin, caithfear idirbheartaíocht a dhéanamh maidir le dhá phointe: ar an gcéad dul síos, an fón cliste a úsáid, agus ansin cead a fháil dul taobh amuigh.
Additional information
-
Education type:School Education
-
Target audience:Head Teacher / PrincipalStudent TeacherTeacherTeacher Educator
-
Target audience ISCED:Lower secondary education (ISCED 2)Upper secondary education (ISCED 3)