Skip to main content
European School Education Platform
Interview

Education Talks: Scoileanna níos ionchuimsithí mar thoradh ar an bhfoghlaim chumaisc agus ar chomhpháirtíochtaí le scoileanna

Tá triúr ball de Mheitheal Scoileanna an Limistéir Eorpaigh Oideachais linn san eagrán seo de Education Talks. Bí linn chun éisteacht lena gcuid smaointe ar an gcaoi ar féidir leis an bhfoghlaim chumaisc agus le comhpháirtíochtaí idir scoileanna agus an pobal scoileanna a dhéanamh níos ionchuimsithí.
Education Talks

Tá an fhoghlaim chumaisc an-tábhachtach san oideachas le roinnt blianta anuas. Mar sin, ghlac airí oideachais Moladh ón gComhairle maidir leis an bhfoghlaim chumaisc in 2021. Cuimsítear leis an bhfoghlaim chumaisc suíomhanna foghlama éagsúla nó meascán d’uirlisí digiteacha éagsúla agus d’uirlisí neamhdhigiteacha éagsúla. Mar gheall air sin agus ar thábhacht mhór na foghlama cumaisc, d’fhéach an Mheitheal Scoileanna s’againne ar conas is féidir linn go léir tacú leis an bhfoghlaim chumaisc, go háirithe mar is muid an lucht déanta beartas.

 

Céard go díreach atá i gceist leis an bhfoghlaim chumaisc ionchuimsitheach?

 

Go bunúsach, is ann do thrí phríomhbhealach éagsúla chun an taithí a stiúradh. Tá idirphlé i dtreo na tuisceana ag teastáil i ngach aon bhealach díobh mar, ina aonar, fágtar faoin bhfoghlaimeoir é na heispéiris sin a phróiseáil é féin. Bíonn an fhoghlaim ionchuimsitheach nuair a bhíonn an ócáid foghlama eagraithe agus leagtha amach sa chaoi is gur féidir le gach foghlaimeoir páirt ghníomhach a ghlacadh ar a leibhéal féin agus ar mhaithe leis féin agus go dtugtar an tacaíocht dó chun a bheith in ann é sin a dhéanamh. Is léir go soláthraíonn an fhoghlaim chumaisc go leor deiseanna chun na cineálacha éagsúla eispéiris sin a chumasc, rud a fhágann go mbíonn saibhreas eispéireas san fhoghlaim.

 

Cén chaoi ar féidir le haireachtaí oideachais tacú leis an bhfoghlaim chumaisc ar mhaithe leis an ionchuimsiú?

 

Ní mór don lucht déanta beartas, agus aireachtaí go háirithe, a ndóthain ama sa churaclam a thabhairt do scoileanna agus do mhúinteoirí chun dul i mbun na foghlama cumaisc. Tá solúbthacht na gcuraclam an-tábhachtach ar fad, mar sin, agus níor cheart don churaclam a bheith leagtha síos ar bhealach ródhocht. Tá tacaíocht uainn ag teastáil ó mhúinteoirí freisin maidir leis na gléasanna, agus maidir leis an oiliúint chun na gléasanna digiteacha agus na huirlisí digiteacha sin a úsáid. Tá sé fíorthábhachtach go mbeadh áit acu freisin chun a n‑eispéiris a chomhroinnt.

 

Bíonn rudaí iontacha ar siúl i scoileanna agus ag múinteoirí agus ní mór dúinne, an lucht déanta beartas, rochtain a thabhairt dóibh ar na hardáin éagsúla náisiúnta nó Eorpacha chun na heispéiris sin a chomhroinnt. Bíonn comhoibriú iontach idir scoileanna agus pobail áitiúla sa Chróit, cuir i gcás. Mar shampla, bíonn an-obair ar siúl idir ár scoileanna agus na póilíní. Tagann póilín isteach sa scoil chun sábháilteacht bóithre a mhúineadh do na naíonáin. Tugann sé amach ar na sráideanna iad le go bhfeiceann na daltaí féin an trácht. Creidimid gur cheart do scoileanna a bheith oscailte do phobail áitiúla ar an gcaoi sin, agus gur cheart dúinn go léir a chinntiú go gcuirtear an t‑oideachas is fearr agus is féidir ar na daltaí.

 

Cén chaoi ar féidir le ceannairí scoile tacú leis an bhfoghlaim chumaisc ar mhaithe leis an ionchuimsiú?

 

Is féidir le ceannairí scoile tacú leis an bhfoghlaim chumaisc ar mhaithe leis an ionchuimsiú ach a ndóthain neamhspleáchais a thabhairt do na múinteoirí ar fad chun an chruthaitheacht a spreagadh. Ba cheart féachaint ar mhúinteoirí mar dhaoine gairmiúla. Is iad is fearr a thuigeann na rudaí atá ag teastáil ó na daltaí agus cén chaoi ar féidir an próiseas foghlama a dhéanamh níos fiúntaí dóibh. Tá creat dlíthiúil ag teastáil mar thacaíocht, dar ndóigh. Mar shampla, tá an curaclam náisiúnta san Eastóin bunaithe ar inniúlachtaí, scileanna agus torthaí foghlama. Cuireann sé sin ar chumas múinteoirí an fhoghlaim a chumasc, mar bíonn neamhspleáchas iomlán nach mór acu chun dearadh an phróisis fhoghlama a chinneadh ar choinníoll go mbaintear na torthaí foghlama amach ina n‑iomláine.

 

Cuireann an neamhspleáchas sin ar a gcumas líonraí agus comhpháirtíochtaí a chruthú le fostóirí nó le heagraíochtaí neamhrialtasacha, cuir i gcás, agus iad sin a thabhairt isteach sa seomra ranga. Nó na ceachtanna a dhéanamh lasmuigh den rang, mar shampla i saotharlanna, iarsmalanna, páirceanna, foraoiseacha, nó áit ar bith eile ar choinníoll go mbaintear amach na torthaí foghlama. Rud eile is féidir le ceannaire scoile a dhéanamh ná an comhoibriú idir an scoil agus an earnáil phríobháideach a éascú.

 

Tá cultúr de chomhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí idir scoileanna agus fiontair phríobháideacha san Eastóin, agus tá an cultúr sin fréamhaithe go domhain sa tsochaí. Tríd is tríd, sílim go bhfuil sé tábhachtach timpeallacht a chruthú ina bhfuil muinín agus cultúr an chomhoibrithe le gur féidir an fhoghlaim chumaisc a bhaint amach.

 

 

Additional information

  • Education type:
    School Education
  • Target audience:
    Government / policy maker
    Head Teacher / Principal
    Student Teacher
    Teacher
    Teacher Educator
  • Target audience ISCED:
    Primary education (ISCED 1)
    Lower secondary education (ISCED 2)
    Upper secondary education (ISCED 3)

Tags

Blended Learning
Inclusion
Policy development
School leadership