Education Talks: An intleacht shaorga san oideachas

Marco Neves is ainm dom. Is as an bPortaingéil mé. Is múinteoir faisnéisíochta mé agus is sainchomhairleoir mé i réimse an Oideachais Dhigitigh le cúpla bliain anuas.
An intleacht shaorga san oideachas:
Tá ceithre fhothopaic éagsúil againn. Baineann ceann acu le IS chun tacú leis an teagasc agus sa cheann seo déantar tagairt den chuid is mó do na huirlisí agus na hardáin a fhéadann tacú leis an múinteoir ó thaobh na measúnóireachta agus an mheasúnaithe de, agus ó thaobh mhonatóireacht a dhéanamh ar na scoláirí de, nó fiú maidir le hobair na múinteoirí a éascú. Fothopaic eile i bhfoghlaim le IS ná an IS chun scoláirí a theagasc agus tá cineálacha éagsúla ardán anseo againn is féidir a chomhtháthú sa phróiseas teagaisc agus foghlama. Sampla de cheann acu ná na córais teagaisc intleachtúla nó bunaithe ar phlé. Is réimse faoi leith é seo ina ndíríonn muid níos mó ar fhoghlaim an scoláire, ach tá córais teagaisc bunaithe ar phlé againn freisin, an timpeallacht thaiscéalach foghlama, mar sin, tá cineálacha éagsúla uirlisí agus ardán is féidir a úsáid. Agus baineann an fhothopaic dheireanach IS le tacú le pleanáil dhiagnóiseach agus uile-chórais, agus is éard atá againn anseo, mar shampla, ná anailísíocht foghlama nó fiú uirlisí a fhéadann cabhrú le scoláirí a bhfuil deacrachtaí éagsúla foghlama acu, ar nós na disléicse.
An intleacht shaorga sa seomra ranga:
Feiceann muid cineálacha éagsúla uirlisí is féidir a úsáid chun, mar shampla, tacú leis na scoláirí maidir le cineálacha éagsúla teangacha a fhoghlaim agus tá aipeanna againn is féidir le múinteoirí agus scoláirí araon a úsáid. Feiceann muid freisin uirlisí éagsúla i réimse an mhata, mar shampla, a fhéadann a bheith an-chabhrach ó thaobh tacú le próiseas foghlama na scoláirí. Agus feiceann muid anois freisin uirlisí éagsúla a fhéadfaidh a bheith an-chabhrach do mhúinteoirí ó thaobh an mheasúnaithe de.
Dul chun cinn na hintleachta saorga:
Cúpla sampla de seo ná uirlisí IS don chomharfhoghlaim, don mheasúnú leanúnach. Mar shampla, bíonn cineál comrádaí foghlama IS againn do na scoláirí le hidirghníomhú a dhéanamh leis agus le cineál éigin tacaíochta agus aiseolais a fháil nach ndíríonn ar an measúnú traidisiúnta amháin ach a fhéadfaidh múinteoirí agus scoláirí a chur ar an eolas maidir le scileanna eile, ar nós scileanna boga.
Ceisteanna eitice agus dúshláin
Caithfidh muid a bheith ar an eolas faoi oibleagáidí eiticiúla, de chuid eagraíochtaí príobháideacha, mar shampla, m.sh., forbróirí IS in oideachas. Agus freisin i gcomhthéacs na n-údarás poiblí, ar nós scoileanna agus ollscoileanna atá páirteach i dtaighde ar oideachas IS. Ach caithfimid freisin a bheith feasach ar na himpleachtaí eiticiúla a bhaineann le dua a bheith i gceist le fáil amach conas a dhéanann na halgartaim IS seo na cinntí doimhne seo na laethanta seo, i gcomhthéacs líonraí néaracha den chuid is mó. Agus chomh maith leis sin, céard iad na hiarmhairtí eiticiúla a bhaineann le scoláirí a spreagadh le hobair go neamhspleách agus an bogearra seo a bhfuil tacaíocht IS leis á úsáid acu.
Tacú le múinteoirí
Tá sé an-tábhachtach go gcruthaíonn muid deiseanna do mhúinteoirí le tuiscint a fháil ar a bhfuil i gceist le IS, ar an gcaoi a n-imríonn IS tionchar ar ár saol, ionas gur féidir leo an t-ábhar seo a thabhairt isteach sa seomra ranga, agus breathnú ar na hábhair atá á múineadh acu agus machnamh a dhéanamh ar an gcaoi a bhfuil tionchar á imirt ag IS orthu, le scoláirí a chur ar an eolas faoi IS.
Additional information
-
Education type:School Education
-
Target audience:Head Teacher / PrincipalICT CoordinatorParent / GuardianStudent TeacherTeacherTeacher Educator