Skip to main content
European School Education Platform
Tutorials

Cad é mar a chuirim feabhas ar atá idir lámha agam? Taighde gníomhachta chun forbairt ghairmiúil na múinteoirí a chur chun cinn

Ligeann an taighde ghníomhachta do mhúinteoirí tuilleadh a fhoghlaim faoi chleachtas sheomra ranga dá gcuid, chun a stór oideolaíoch a shaibhriú agus chun machnamh a dhéanamh ar an dóigh a mbíonn siad ag teagasc. Tríd an taighde gníomhachta, is féidir le dearcthaí agus féiniúlachtaí gairmiúla na múinteoirí bheith ag síoréabhlóidiú, de réir mar a bhíonn siad ag smaoineamh ar a gcuid riachtanas ina gcomhthéacs féin.

Cad is taighde gníomhachta ann?

Tá taighde gníomhachta atá bunaithe sa seomra ranga éagsúil ó fhoirmeacha eile den taighde as siocair go bhfuil sé fóirsteanach do mhúinteoirí atá ag iarraidh machnamh a dhéanamh ar a gcuid oibre, fadhbanna a reiteach agus feabhsaithe bunaithe ar fhianaise a chruthú ina gcuid cleachtas agus comthéacsanna féin. Baineann sé le  tuairimí córasacha agus le sonraí a bhailiú, agus úsáid a bhaint astu chun cinntí eolacha a dhéanamh agus bearta níos cruinne a dhéanamh fosta. Mar sin de, glactar leis mar uirlis chumhachtach i dtaca le  forbairt ghairmiúil na múinteoirí.

Picture6.png

Cad iad gnéithe an taighde gníomhachta?

Tá an taighde gníomhachta praiticiúil, machnamhachagus athchúrsach. Is minic a léirítear na gnéithe seo i mbíseach a chuireann síorghluaiseacht idir pleanáil, gníomhú, breathnú, machnamh srl. in iúl.

Tá an próiseas taighde praiticiúil as siocair gur féidir leis buntáistí láithreacha a bheith aige do mhúinteoirí, do scoileanna agus do cheantair scoile.

Tá an ghné mhachnamhach ann agus an taighdeoir ghníomhachta ag amharc ar a s(h)eomra ranga, a scoil nó a c(h)leachtas féin.

I ndeireadh na dála, tá an taighde gníomhachta athchúrsach cionn is go ndéanann an taighdeoir gníomhachta iniúchadh ar fhadhabanna agus ar ábhair imní ar bhealach leanúnach.

Cad iad na trí chineál thaighde gníomhachta?

Dar le Carr agus Kemmis, is féidir leis an taighde gníomhachta a bheith sna trí fhoirm a leanas:

  • Taighde gníomhachta teicniúla: cásanna ina mbíonn éascaitheoirí seachtracha (mar shampla, an lucht acadúil, taighdeoirí agus institiúidí) ag obair le múinteoirí agus eile chun tionscadail mhúinteora-thaighde a bhunú. Tá sé de rún aige seo go ndéanfar múinteoirí staidéar ar chleachtais éifeachtúla, ina léiríonn an t-éascaitheoir na critéirí maidir le "héifeachtúlacht". Mar sin de, tá seans ann go mbeidh múinteoirí ag iarraidh torthaí ó thaighde seachtrach a iniúchadh ina gcuid cleachtais féin, agus is féidir le torthaí na scrúduithe seo cur le taighde seachtrach in ionad an chleachtais mhúinteoireachta é féin.
  • Taighde gníomhachta praiticiúla: cásanna ina mbíonn éascaitheoirí seachtracha ag obair le múinteoirí agus le cleachtóirí eile le cuidiú leo chun a gcuid buarthaí a léiriú, bearta a phleanáil, athruithe a chur i bhfeidhm, monatóireacht a dhéanamh ar éifeachtaí na n-athruithe sin agus machnamh a dhéanamh ar an luach a mbaineann leo. Cé gur féidir le héascaitheoirí bheith ag obair le múinteoirí ar bhuarthaí coiteanna, ní mór do mhúinteoirí monatóireacht a dhéanamh ar a gcuid cleachtas féin agus forbairt a dhéanamh ar bhreithiúnas praiticiúil s'acu féin mar dhaoine aonair. Sin le rá nach bhfuil aon fhorbairt chórasach ar an ngrúpa cleachtóirí mar phobal.
  • Taighde gníomhachta fuascailte: cásanna ina nglacann múinteoirí leis an bhfreagracht chun cuidiú lena ngrúpa, mar shampla a gcuid daltaí nó comhghleacaithe, le féin-mhachnamh comhoibritheach. I réimsí áirithe, is féidir leis an scoil iomlán bheith páirteach i gcinneadh a dhéanamh maidir leis an gcur chuige um idirghníomhú sa seomra ranga - mar smapla, trí ghlacadh le clechtas coiteann maidir le measúnú. Is gá le tuiscint ar an gcaidreamh dialachtaiciúil atá ann idir freagracht aonair agus ghrúpa, i dtaca leis an gcur chuige oscailte agus comhoibritheach seo. Is féidir taighde gníomhachta fuascailte a thuiscint mar an chéad chéim eile ar aghaidh ó thaighde gníomhachta praiticiúla.

Is taighde feidhmeach é an taighde gníomhachta, agus is féidir é a dhéanamh go haonarach go comhoibritheach . Is ionann taighde gníomhachta agus múinteoirí agus taighdeoirí ag obair le chéile chun taighde a chur ar bun i réimsí comhleasa.

Is minic a thuigtear gur cur chuige atá i gceist leis an taighde gníomhachta, níos mó ná modh, mar is féidir leis tarraingt ó raon leathan de dhearaí agus de mhodheolaíochtaí. Go háirithe, is féidir leis an taighde gníomhachta modhanna de bhailiú sonraí atá cáilíochtúil agus cainníochtúil a chur i bhfeidhm. Cé go bhfuil an raon difriúil, baineann múinteoirí nó grúpaí úsáid as an dá chineál sonraí chun fianaise a bhailiú agus chun freagraí ar chesiteanna s'acu a sholáthar. Mar sin de, ba chóir go nglacfar le modheolaíocht láidir a fhreastlaíonn ar chaighdeáin eolaíochta agus eiticiúla an taighde.

Má tá suim agat tuilleadh a fhoghlaim,

.

Acmhainní breise:

Foinsí:

Sainmhíniú: https://www.scielo.br/j/ep/a/3DkbXnqBQqyq5bV4TCL9NSH/?lang=en agus https://www.worldcat.org/title/teacher-as-reflective-practitioner-and-action-researcher/oclc/46685319

Gnéithe: https://www.literacyworldwide.org/docs/default-source/resource-documents/a-practical-guide-to-action-research-for-literacy-educators.pdf?sfvrsn=4

Taighde gníomhachta comhoibrithe: https://www.daneshnamehicsa.ir/userfiles/files/1/9-%20The%20Wiley%20Handbook%20of%20Action%20Research%20in%20Education.pdf

Carr, W., & Kemmis, S. (2004). Becoming Critical: Education, Knowledge and Action Research. London: RoutledgeFalmer.

Additional information

Tags

Professional development
Pedagogy