Ag tacú le scoláirí ar dídeanaí iad nuathagtha

Scoil uimhir 361 i Vársá, ceann de na scoileanna is nua i Vársá. Le sé mhí anuas, chuir an scoil fáilte roimh, is dócha, an líon is airde dídeanaithe ón Úcráin ó áiteanna éagsúla sa tír atá anois i gcogaíocht. Roimh na laethanta saoire, bhí breis is 200 scoláirí againn a raibh orthu éalú ó cheantair faoi chogaíocht. An aidhm a bhí againn le linn na chéad chúpla mí ná iad a chur in áit shábháilte, áit shábháilte a chur ar fáil dóibh, ní chun foghlaim i ndáiríre, ach chun fanacht beo, go bunúsach. I ndiaidh na saoire, tháinig athrú an-mhór ar an gcás, mar tharla sé gur bheartaigh 80% de na scoláirí fanacht anseo sa Pholainn ar feadh míonna nó ar feadh blianta b’fhéidir. Tá jab iomlán difriúil againn anois. Níl i gceist an tsábháilteacht amháin anois ach comhtháthú na scoláirí i gcóras oideachais na Polainne.
Tháinig muid aníos le smaointe éagsúla chun próiseas ceart foghlama a chur ar fáil dóibh. Smaoineamh amháin a bhí againn ná ranganna ullmhúcháin a chur ar siúl, ranganna ina múintear, go bunúsach, eolas ceart ar an bPolainnis dóibh, ar tús é maidir le bheith inár gcóras oideachais. Cé ag an tús go mbaineann an-luach le ról an chúntóra chultúrtha, agus tú ag obair sa rang seo, bíonn ort an pointe ceart a aimsiú le, ‘is leor sin anois’ a rá agus an cúntóir cultúrtha a bhogadh rud beag ó obair chomh díreach sin sa seomra ranga agus tascanna eile a thabhairt dóibh ionas go dtosaíonn na páistí go nádúrtha ag baint úsáid as an bPolainnis. Ní theastaíonn uainn anseo iad a scaradh óna gcultúr, traidisiúin, agus stair. Ní hé sin ar chor ar bith ár rún. Páistí a gcuirtear i ngnáthranganna iad, mar go bhfuil páistí den chineál seo againn, is cinnte go mbíonn siad sin i bhfad níos fearr ag foghlaim na Polainnise, mar go raibh formhór acu sa rang ullmhúcháin sin anuraidh. Ag deireadh na bliana, mhol foireann múinteoirí go gcuirfí i gnáthranganna na páistí seo, mar gheall go raibh a gcumas sa Pholainnis sách maith cheana féin agus, inár dtuairimse, d’éirigh go han-mhaith leo dul i dtaithí ar na ranganna seo, tá ag éirí go maith leo iontu.
Smaoineamh eile ná daoine aonair a chur i ranganna Polannacha. Ach leis na huimhreacha seo, agus dosaen scoláirí atá i gceist againn, ní féidir é a dhéanamh. Seo an fáth ar thugamar isteach smaoineamh iomlán nua, is é sin, ranganna ilchultúrtha. Seo na ranganna arb as an Úcráin do 30-50% de na scoláirí, agus bhí an smaoineamh seo, mar a tharlaíonn sé, go hiomlán réabhlóideach. Tharla sé, mar thoradh ar na scoláirí seo a bheith sna ranganna seo, gur féidir leo cumarsáid a dhéanamhsa Pholainnis, sa Bhéarla agus san Úcráinis, agus gur féidir leo ní hamháin comhtháthú i gcóras oideachais na Polainne, ach rud éigin a thabhairt isteach i gcóras seo na Polainne. Mar sin, ní hamháin go bhfuil siad á gcomhtháthú againn sa chóras, tá muidne ag comhtháthú, ag comhtháthú go hiomlán leosan. Tá córas nua oideachais á chruthú againn, i ndáiríre, córas Polannach-Úcránach oideachais.
Chomh maith leis na gnáthghníomhaíochtaí oideachais a nglacann na páistí seo páirt iontu, tá sé fíorthábhachtach, dar linn, go dtugtar tacaíocht dóibh siúd a bhfuil sí de dhíth orthu i bhfoirm gníomhaíochtaí seach-churaclaim. Uaireanta is éard a bhíonn i gceist leo seo ná ranganna breise Polainnise, mar tá sé de cheart de réir an dlí ag aon scoláire a bhí díláithrithe seo a fháil, i.e. dhá uair an chloig in aghaidh na seachtaine de ranganna breise Polainnise. Baineann gné eile le cabhrú le páistí ón Úcráin caidrimh a bhunú le páistí Polannacha ionas go mbraitheann siad sábháilte anseo. Ionas go mbraitheann siad gur, abraimis, dara baile dóibh í an scoil seo. B’fhéidir go bhfuil an iomarca i gceist leis sin, ach tá súil againn go n-áiríonn siad sábháilte anseo, muiníneach, go bhfuil a fhios acu gur féidir leo brath ar chabhair a fháil ó gach taobh.
Additional information
-
Education type:School Education
-
Evidence:N/A
-
Funding source:N/a
-
Intervention level:N/A
-
Intervention intensity:N/A
-
Participating countries:PolandUkraine
-
Target audience:Government / policy makerHead Teacher / PrincipalStudent TeacherTeacherTeacher Educator
-
Target audience ISCED:Primary education (ISCED 1)Lower secondary education (ISCED 2)Upper secondary education (ISCED 3)