Rannpháirtíocht daltaí in Oideachas STEAM a ardú

Lean ort ag léamh le heolas a fháil ar roinnt tionscadal atá á maoiniú ag an AE agus a léiríonn an chaoi le STEAM a theagasc ar bhealach idirghníomhach agus mealltach.
Daltaí a mhealladh i dtreo STEAM
Is tionscadal a leanann go fóill é Steam Builders a bhfuil sé mar aidhm aige daltaí a dhéanamh rannpháirteach i ngníomhaíochtaí STEAM trí réimse cur chuige idirdhisciplíneach teagaisc. Tugann sé tús áite do chásanna faoi leith saoil seachas don fhoghlaim theoiricbhunaithe ar mhaithe leis na daltaí a spreagadh le spéis a léiriú san ábhar. Forbraíodh acmhainní oideolaíochta a úsáideann oidhreachtaí staire le coincheapa matamaitice agus eolaíochta a mhíniú agus a chur i gcomhthéacs mar chuid de. Áirítear i measc thorthaí an tionscadail go dtí seo: treoir oideolaíochta; leabhrán maidir leis an oideachas seachfhoirmiúil STEAM; ábhar teagaisc le cabhrú le múinteoirí cur chuige traschuraclaim a chur i bhfeidhm.
Is é an aidhm atá leis an tionscadal ArtIST, cláir ildisciplíneacha a fhorbairt ina nasctar na healaíona agus an teicneolaíocht, scileanna crua agus boga, agus oiliúint gnó agus fiontraíochta. Go sonrach, dearann sé agus cuireann sé i bhfeidhm modúil ar leibhéal Máistreachta ina nasctar na healaíona leis an oideachas nuálaíochta, fiontraíochta, agus eolaíochta. Tríd an ngné chruthaitheach seo a chur leis, cabhraíonn sé nuachóiriú a dhéanamh ar theagasc ábhair STEM, agus cuireann sé le scileanna réiteach fadhbanna, smaointeoireachta criticiúla, agus cumarsáide na mac léinn. Tugann struchtúr solúbtha an mhodúil deis do mhúinteoirí agus do mhic léinn araon modúil STEAM a mheascadh agus a mheaitseáil bunaithe ar a gcuid riachtanas agus spéiseanna. Tá sraith ábhar teagaisc cuimsitheach curtha ar fáil ag an tionscadal seo le cur i bhfeidhm an chláir a éascú.
Is ardán ar líne é Europeana a chuireann rochtain dhigiteach ar fáil ar ábhair a bhaineann le hoidhreacht chultúrtha na hEorpa agus a bhfuil réimse leathan téamaí agus topaicí i gceist leis. I measc na n-acmhainní tá obair ealaíne, leabhair, ceoil, físeáin, agus páipéir nuachta atá ar fáil go héasca ar an suíomh gréasáin agus is féidir a úsáid chun cur le teagasc STEM. Is acmhainn luachmhar é an Teaching with Europeana blog freisin, áit ar féidir le múinteoirí pleananna ceachta a mhalartú agus noda agus tuairimí a roinnt. Tá spás tiomnaithe ar Europeana do chásanna foghlama STEAM, ina bhfuil mionphleananna ceachta agus mionghníomhaíochtaí maidir le cén chaoi leis an oidhreacht chultúrtha dhigiteach a chomhtháthú in ábhair STEAM, ar nós na matamaitice, mar shampla.
D’fhorbair an CESIE (Centre of European Studies and Initiatives) an tionscadal IN2STEAM chun páistí bunscoile, cailíní go háirithe, a spreagadh le dul le gairm bheatha i réimsí STEM. Forbraíonn an tionscadal na scileanna cuí i múinteoirí le coincheapa STEAM a theagasc ag leibhéal na bunscoile. Is téama coiteann sna tionscadail seo ar fad, forbairt chumais cruthaitheachta, smaointeoireachta criticiúla, agus réiteach fadhbanna na ndaltaí. Seo na scileanna a chuirfidh go mór lena gcumais theicniúla agus a ullmhóidh iad do shaol oibre an 21ú haois. Sa tionscadal seo tugtar tús áite do chuir chuige teagaisc atá ionchuimsitheach ó thaobh inscne de ar mhaithe le spéis cailíní óga in ábhair STEM a mhéadú, ós rud é go bhfuil tearcionadaíocht ag mná i ngairmeacha i réimsí STEM go fóill. Áirítear i measc na n-acmhainní modúil oiliúna ar líne agus treoirlínte do mhúinteoirí maidir le cuir chuige STEAM a chur i bhfeidhm go héifeachtach ina seomraí ranga.
Infheistiú a dhéanamh in oideoirí
Is é an aidhm atá ag STEAMonEdu, cur i bhfeidhm agus tionchar oideachas STEAM a mhéadú trí infheistiú a dhéanamh i bhforbairt ghairmiúil na n-oideoirí. Tacaíonn sé le múinteoirí trí chláir chumaisc oiliúna a chur ar fáil nó trína rannpháirtíocht i bpobal geallsealbhóirí atá in ann eispéiris agus dea-chleachtais a roinnt lena chéile. I measc thorthaí an tionscadail tá lámhleabhar oiliúna do mhúinteoirí, treoir maidir le cleachtais oideachas STEAM, agus creat inniúlachta d’oideoirí STEAM.
Is é STE(A)M IT an chéad chreat comhtháite STEM san Eoraip a chuireann chun cinn cuir chuige nuálacha agus trasdisciplíneacha maidir le teagasc STEAM. Cuireann sé ar fáil cláir oiliúna, uirlisí agus treoracha do mhúinteoirí bunscoile agus meánscoile, chomh maith le líonra comhairleoirí gairme ag leibhéal AE le cabhrú leo poist i réimsí STEM a chur chun cinn. Molann sé cur chuige idirdhisciplíneach maidir le disciplíní STEM a theagasc ar mhaithe le spéis na ndaltaí i gcéimeanna agus i ngairmeacha sna réimsí sin a chothú.
Additional information
-
Evidence:N/A
-
Funding source:European Union
-
Intervention level:N/A
-
Intervention intensity:N/A
-
Participating countries:BelgiumFranceGermanyItaly
-
Target audience:Head Teacher / PrincipalStudent TeacherTeacherTeacher Educator
-
Target audience ISCED:Primary education (ISCED 1)Lower secondary education (ISCED 2)Upper secondary education (ISCED 3)