Skip to main content
European School Education Platform
Practice article

Cuir chuige mhalartacha i leith an teagaisc agus na foghlama nuálaí

Níl aon bhealach níos éasca nó cleas draíochtaí ann le seomraí ranga a dhéanamh níos nuálaí. Is féidir leis an nuálaíocht a bheith mar chuid de roghanna beaga a dhéanann múinteoir, nó mar chuid den chomhthéacs níos leithne ina dtarlaíonn an fhoghlaim.
Illustration: Colourful lightbulb
Adobe Stock / CROCOTHERY

San alt seo, breathnóidh muid ar roinnt cur chuige oideolaíochta nach bhfuil nua ach a fhéadfaidh difríocht a dhéanamh d’fhoghlaimeoirí má úsáidtear i gceart iad.

 

An chorpfhoghlaim

 

Leagtar béim sa chorpfhoghlaim ar an gcorp ar fad a bheith i gceist sa phróiseas foghlama, lena n-áirítear an inchinn, corp, gníomhartha fisiciúla, cognaíocht, agus mothúcháin. Is féidir leis an gcorpfhoghlaim scoláirí a dhéanamh níos rannpháirtí ó thaobh na mothúchán de i gcomparáid le timpeallacht neamhghníomhach. Is féidir le gníomhaíochtaí fisiciúla tionchar dearfach a bheith acu ar acmhainn chognaíoch scoláirí agus ar thorthaí foghlama.

 

Díríonn tionscadal ENABLES ar cheannaireacht dháilte a fhorbairt i scoileanna trí ghníomhaíochtaí bunaithe ar ealaín agus corpraithe. Molann an tionscadal seo cuir chuig éagsúla, lena n-áirítear colláis agus gluaiseacht chorpraithe, scríbhneoireacht chruthaitheach agus machnamh, drámaíocht agus tobchumadóireacht, agus vignette.

 

Baintear úsáid i dtionscadal eile, INTELed, as an bhfoghlaim chorpraithe agus as teicnící ilchéadfach don oideachas ionchuimsitheach. Is iad iad príomhthorthaí an tionscadail ná lámhleabhar oiliúna, bailiúchán de dhea-chleachtais, agus taisclann ar líne de chluichí TFC ilchéadfacha.

 

 

Foghlaim oiriúnaitheach

Cuirtear buanna agus riachtanais na scoláirí ar fad san áireamh san fhoghlaim oiriúnaitheach. Éagsúil leis an difreáil, a dhíríonn ar scoláirí aonair, díríonn an fhoghlaim oiriúnaitheach ar an rang ar fad. Ba cheart dó deiseanna a chruthú le go mbeadh rath ar gach scoláire, mar shampla, trí scoláirí a chur i ngrúpaí go héifeachtúil, mar shampla, trí cheisteanna a athchur le scafláil níos fearr a chinntiú, nó trí réamhtheagasc breise a chur ar fáil.

 

Tá sé mar aidhm ag tionscadal AILE uirlis theicneolaíoch is féidir a shaincheapadh do riachtanais gach scoláire a chur ar fáil. Tá an uirlis bunaithe ar phrionsabail an Dearaidh Uilíoch don Fhoghlaim. Cabhraíonn cur i bhfeidhm na huirlise seo le múinteoirí curaclam a chruthú atá curtha in oiriúint do riachtanais na scoláirí, ó ardán amháin.

 

http://aile-project.com/la-plateforme/

 

 

Foghlaim ghníomhach

 

Is é an príomhphrionsabal anseo ná go bhfuil modhanna teagaisc scoláirelárnaithe, ag go ndéantar scoláirí rannpháirteach i ndáiríre sa phróiseas foghlama agus go spreagtar iad le barr a gcumais a bhaint amach. Is é ról an mhúinteora ná deiseanna a chruthú le gur féidir le scoláirí barr a gcumais a bhaint amach sa seomra ranga. Is minic gur féidir le spásanna foghlama a dearadh go nuálach tacú leis an bhfoghlaim ghníomhach.

 

Thacaigh tionscadal Novigado le scoileanna agus le múinteoirí san aistriú ón seomra ranga traidisiúnta go spásanna solúbtha foghlama trí mhodhanna foghlama agus teagaisc ghníomhaigh scoláirelárnaithe. Forbraíodh mar chuid de clár oiliúna a chabhraíonn le scoileanna prionsabail na foghlama gníomhaí a chur i bhfeidhm, ag cur treoracha ar fáil do thimpeallachtaí solúbtha foghlama chomh maith le huirlis cásanna foghlama.

 

Chomh maith leis sin, cuireann tionscadal 2Smile peirspictíocht foghlama scoláirelárnaithe ar fáil a mholann cur chuige éagsúil i leith an phróisis foghlama agus a mhíníonn feidhm gach duine laistigh de. Cuirtear san áireamh sa pheirspictíocht nua seo straitéis uilescoile ina mbíonn na páirtithe ar fad páirteach sa phróiseas oideachasúil agus ina mbíonn stíl iomlánaíoch smaointeoireachta agus na scoláirí ag lár an phróisis foghlama.

 

 

 

An fhoghlaim chumaisc

 

San oideachas agus oiliúint fhoirmiúil, tagraíonn an téarma ‘foghlaim chumaisc’ do scoileanna, múinteoirí, nó scoláirí a bhaineann úsáid as níos mó ná modh amháin teagaisc nó foghlama. D’fhéadfadh sé roinnt uirlisí foghlama digiteacha agus analógacha a thabhairt le chéile, chomh maith le suíomhanna fisiciúla ar nós suíomhanna lasmuigh, suíomhanna stairiúla nó cultúrtha, gnólachtaí, agus níos mó.

 

D’éirigh le tionscadal SMART-MT maidir le tearcghnóthacháil na scoláirí sa mhata a laghdú trí uirlisí foghlama mealltacha digiteacha a chur ar fáil dóibh. Bhain cur chuige foghlama cumaisc leis an tionscadal seo agus baineadh úsáid as modhanna oiliúna malartaithe, an micreafhoghlaim, cluichiú, agus Acmhainn Oscailte Oideachais.

 

Tacaíonn tionscadal FERTILE le modhanna nua-aimseartha teagaisc ina síltear go bhfuil an fhoghlaim thrasdhisciplíneach luacmhar trí léiriú ealaíonta a nascadh le róbataic oideachasúil chun smaointeoireacht ríomhaireachtúil a fhorbairt i dtimpeallacht foghlama cumaisc.

 

 

 

Additional information

  • Education type:
    Early Childhood Education and Care
    School Education
  • Evidence:
    N/A
  • Funding source:
    Erasmus+ programme
  • Intervention level:
    N/A
  • Intervention intensity:
    N/A
  • Participating countries:
    Belgium
    Cyprus
    France
    Latvia
    Lithuania
    Poland
    Portugal
    Romania
    Spain
  • Target audience:
    Head Teacher / Principal
    Student Teacher
    Teacher
    Teacher Educator
  • Target audience ISCED:
    Early childhood education (ISCED 0)
    Primary education (ISCED 1)
    Lower secondary education (ISCED 2)

Tags

Blended Learning
Learning space
Non-formal learning

School subjects

Informatics / ICT
Technology

Vocational subjects

IT

Key competences

Digital
Technology and engineering