Skip to main content
European School Education Platform
News item

Girls Go Circular: cailíní san eolaíocht agus teicneolaíocht a chumasú

Is clár foghlaim ar líne saor in aisce é Girls Go Circular a bhfuil sé mar aidhm aige, faoin mbliain 2027, cabhrú le 40,000 cailín scoile idir 14–19 bliana d’aois scileanna digiteacha agus fiontraíochta a fhoghlaim.
young girl
Adobe Stock / metamorworks

Mar chuid de Phlean Gníomhaíochta Eorpach don Oideachas Digiteach an Choimisiúin Eorpaigh, is é aidhm an tionscadail cabhrú leis an mbearna inscne in earnálacha digiteacha agus fiontraíochta na hEorpa a dhúnadh.

 

Is ardán foghlaim ar líne é Áit Foghlama Chiorclach (CLS) an tionscadail a bhfuil modúil a dhíríonn ar ábhair a bhaineann leis an ngeilleagar ciorclach ann, ábhair cosúil le miotail, plaisteach, faisean inbhuanaithe, nó gléasanna leictreonacha. Cuireann na modúil dúshláin roimh na scoláirí uirlisí digiteacha a úsáid chun na tascanna a chur i gcrích. Cumasaíonn an díriú ar an ngeilleagar ciorclach scoláirí le bheith ina ngníomhaithe athraithe san aistriú sochéiceolaíoch

.

Tá os cionn 14,000 scoláire agus múinteoir i ndiaidh páirt a ghlacadh sa chlár ó seoladh sa bhliain 2020 é. Tá sé ar fáil faoi láthair in 12 teanga Eorpach agus cuirfear ar fáil in 12 teanga AE eile é sa chéad dá bhliain eile atá romhainn.

Cén fáth a bhfuil sé tábhachtach?

 

De réir Scórchlár 2021 Mhná san Earnáil Dhigiteach (Women in Digital Scoreboard 2021) an Choimisiúin Eorpaigh, ní hionann mná agus ach an tríú cuid de chéimithe STEM agus ach 19% de speisialtóirí TFC (teicneolaíocht faisnéise agus chumarsáide). Tá ríthábhacht ag baint le steiréitíopaí inscne a shárú agus le feasacht a ardú ar na deiseanna a chuireann disciplíní STEM ar fáil ó thaobh an dearcadh atá ag cailíní agus mná óga faoi láthair maidir leis an earnáil dhigiteach agus disciplíní STEM a athrú.

Cén fiúntas atá ann do mhúinteoirí?

 

Le cabhair Girls Go Circular, is féidir leat:

  • cur le cuspóirí an AE ó thaobh éagsúlacht inscne de trí inniúlachtaí digiteacha agus fiontraíochta a fhorbairt i gcailíní;
  • tacú le do chuid scoláirí agus iad ag fáil tuisceana ar an ról atá ag disciplíní STEM maidir le dul i ngleic le dúshláin inbhuanaitheachta;
  • an comhionannas inscne a phlé le scoláirí agus cabhrú leo tuiscint a fháil ar an tábhacht a bhaineann leis an mbearna inscne a dhúnadh.

 

Féach tuairim ó mhúinteoir anseo:

 

 

 

Conas is féidir páirt a ghlacadh?

Is uirlis foinse oscailte é CLS – is féidir le haon duine cuntas a chruthú agus tosú ag foghlaim. Is féidir leat féachaint ar an treoirleabhar praiticiúil do mhúinteoirí le tuilleadh eolais a fháil ar conas a bheith páirteach.

 

Additional information

  • Education type:
    School Education
  • Target audience:
    Government staff / policy maker
    Head Teacher / Principal
    ICT Coordinator
    Student Teacher
    Teacher
    Teacher Educator
  • Target audience ISCED:
    Primary education (ISCED 1)
    Lower secondary education (ISCED 2)
    Upper secondary education (ISCED 3)