Inniúlacht fiontraíochta: síol na cruthaitheachta agus na nuálaíochta a chur in intinn aos óg na hEorpa

An fhiontraíocht mar scil fadsaoil
Síleann muid ar fad luach a bheith le cruthaitheacht, smaointeoireacht chriticiúil, agus réiteach fadhbanna, chomh maith le buanseasmhacht agus glacadh freagrachta – is céimeanna tógála tábhachtacha meonta nuálacha iad seo ar fad. Cuimsíonn an fhiontraíocht, agus é ar cheann de phríomhinniúlachtaí don fhoghlaim fhadsaoil an Choimisiúin Eorpaigh, na tréithe seo ar fad agus níos mó. Tá eolas, scileanna, agus meonta éagsúla ann is féidir a chur i bhfeidhm san oideachas, agus sa saol gairmiúil agus pearsanta freisin, bunaithe ar an méid atá i gCreat EntreComp.
An fhiontraíocht i scoileanna
Léiríonn torthaí suirbhé (2022) go bhfuil inniúlachtaí na nuálaíochta agus na fiontraíochta comhtháite i gcuraclam na scoile trí chur chuige traschuraclaim (55%) agus mar ábhar aonair (36%) i bhformhór na gcásanna. Dúirt beagnach 80% gur cheart níos mó béime a leagan ag leibhéal na scoile ar an dá inniúlacht. Síleadh gurb iad na cleachtais is éifeachtaí chun na hinniúlachtaí seo a fhorbairt ná gníomhaíochtaí lasmuigh den scoil a nascann scoláirí leis an bpobal áitiúil nó le gnólachtaí áitiúla, saotharlanna nuálaíochta a thugann deis do scoláirí páirt a ghlacadh i dtionscadail taighde, agus tionscadail idirnáisiúnta.
Samplaí de thionscadail maidir leis an bhfiontraíocht a chothú a léiríonn Dea-Chleachtas
Ba é an aidhm a bhí le EnterSchoolMinds ná scoláirí a chumasú le scileanna a bhaineann leis an meon fiontrach, ag díriú ar mhúinteoirí, scoláirí, agus tuismitheoirí. Áirítear i measc t\horthaí an tionscadail scéimeanna teastasaithe, ábhar oiliúna, agus tacair uirlisí.
Réitigh Network of Entrepreneurial Schools (NES) leabhrán cuimsitheach d’acmhainní agus uirlisí do bhunscoileanna, i measc rudaí eile.
Mar chuid den tionscadal KidVenture cruthaíodh cluiche ríomhaireachta foghlama do pháistí le go bhfoghlaimeoidís faoin bhfiontraíocht.
Acmhainní breise
Additional information
-
Education type:School Education
-
Target audience:Head Teacher / PrincipalStudent TeacherTeacherTeacher Educator
-
Target audience ISCED:Primary education (ISCED 1)Lower secondary education (ISCED 2)Upper secondary education (ISCED 3)