
Is cabhair iad torthaí shuirbhé na múinteoirí maidir leis an Intleacht Shaorga don Choimisiún Eorpach agus treoirlínte eitice á bhforbairt acu
Léiríonn torthaí suirbhé a rinneadh le déanaí go bhfuil níos mó spéise ag múinteoirí gníomhacha (82%) san Intleacht Shaorga (IS) agus sonraí san oideachas ná mar atá ag geallsealbhóirí eile oideachais. É sin ráite, léiríonn na torthaí freisin nach mbíonn ionchur ag nach mór múinteoir ar bith ó thaobh roghnú IS agus uirlisí sonraí de ná ó thaobh na húsáide a bhaintear astu san oideachas.