An Gradam Eorpach don Teagasc Nuálach
Leagann an Gradam Eorpach don Teagasc Nuálach béim ar chleachtais nuálacha sa teagasc agus san fhoghlaim a forbraíodh mar chuid de chomhthionscadail i réimse an oideachais scoile agus an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna tosaigh. Bhí an clár Erasmus+ mar bhonn leis an togra.
Gach bliain, bronntar suas le 4 ghradam i ngach tír atá páirteach sa chlár Erasmus+, gradam amháin i ngach ceann de na catagóirí thíos:
- oideachas agus cúram na luath-óige
- bunoideachas
- meánoideachas
- scoileanna an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna (VET)
Aithnítear go bliantúil béim théamach uileghabhálach a bhaineann leis na haoisghrúpaí ar fad de réir tosaíochtaí an Limistéir Oideachais Eorpaigh. Sa bhliain 2022, baineann téama na bliana le togra Bauhaus Eorpaigh Nua (NEB) an Choimisiúin: ‘Ag foghlaim le chéile, ag cur chun cinn na cruthaitheachta agus na hinbhuanaitheachta’. Baineann na gnéithe seo a leanas leis:
- ‘Cruthaitheacht’ – gné a bhaineann le tosaíocht ‘álainn’ an NEB, ar téama tábhachtach san oideachas é. Sa chomhthéacs seo, rachfar i ngleic leis an tionchar a bhíonn ag áiteanna agus ailtireacht ar an bhfoghlaim.
- ‘Inbhuanaitheacht’ – tosaíocht ghinearálta an Choimisiúin agus eochairghné NEB.
- ‘Foghlaim le chéile’ – gné ionchuimsitheach agus rannpháirteach, tosaíocht ghinearálta an Choimisiúin agus gné NEB.